Written answers

Wednesday, 10 February 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Clár Forbartha Áitiúil

10:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 219: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil cinneadh déanta nó á dhéanamh maidir le deireadh a chur leis an Chlár Forbartha Áitiúil don Chuimsiú Sóisialta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7018/10]

Photo of John CurranJohn Curran (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé cheana sa Teach seo, chonaic mo Roinnse go raibh gá a cláir forbartha pobail/cuimisú sóisialta a athdhearadh, go háirithe an Clár Forbartha Áitiúil um Chuimsiú Sóisialta (LDSIP) agus na Cláir Forbartha Pobail (CDP), bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus chun tacú le measúnú leanúnach na gclár. Bhain gné forbartha pobail leis an dá chlár agus cuireadh ar fáil iad trí struchtúir soláthair áitiúil éagsúla. Tháinig na cláir seo chun críche ar 31 Nollaig 2009 agus tháinig clár nua - an Clár Forbartha Áitiúil agus Pobail (LCDP) - i gcomharbacht orthu.

Is é aidhm an LCDP nua dul i ngleic le bochtanas agus eisiamh sóisialta trí chomhpháirtíocht agus chaidreamh cuiditheach idir an Rialtas agus a chuid gníomhaireachtaí agus daoine i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste. Cuirfidh ceithre sprioc ard-leibhéil mar a leanas taca faoi sin: cur chun cinn feasachta, eolais agus úsáid réimse leathan seirbhísí reachtúla, deonacha agus pobail; rochtain ar oideachas foirmeálta agus neamhfhoirmeálta a mhéadú, mar aon le rochtain ar acmhainní agus ar ghníomhaíochtaí forbartha cultúrtha agus áineasa; ullmhacht daoine chun oibre agus a gcuid ionchas fostaíochta a mhéadú; agus cur chun cinn rannpháirtíocht le próisis déanta cinntí, cleachtais agus polasaí ar ábhair a bhaineann le pobail áitiúla.

Creidim gur céim mhór chun cinn an clár nua comhtháite agus tá mé thar a bheith sásta, aineoinn na ndiansrianta buiséid, go raibh mé in ann maoiniú a chuartheorannú do Thionscadail Forbartha Pobail do 2010 agus é a choinneáil ag leibhéil 2009. Is beag réimse eile i gcaiteachas poiblí a rabhthas ábalta é seo a dhéanamh iontu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.