Written answers

Wednesday, 16 December 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

11:00 pm

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 63: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an féidir leis a chinntiú nach mbeidh aon laghdú ar na deontais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2010; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47051/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá laghdú suntasach tagtha ar chostas maireachtála sa tír seo le os cionn bliana. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, tá beartas buiséadach an Rialtais athruithe d'fhonn dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíochta agus an tír a chur ar bhóthar a leasa arís. Dá réir sin, tá an soláthar airgid atá ar fáil do mo Roinnse i 2010 laghdaithe. É sin ráite, tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil i gceist agam leanúint le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i 2010 agus le cúnamh a chur ar fáil ó mo Roinnse ina leith. I gcomhthéacs na gcúinsí atá luaite thuas, áfach, ní féidir liom a rá ag an bpointe seo cén ráta sonrach deontais a bheidh i gceist do 2010, cé go bhfuil súil agam go mbeidh ar mo chumas cinneadh a dhéanamh faoi sin go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.