Written answers

Wednesday, 16 December 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Údaras na Gaeltachta

11:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 48: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh toghchán ann d'Údaras na Gaeltachta in 2010; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47052/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Reachtáladh an toghchán deireanach d'Údarás na Gaeltachta ar 2 Aibreán 2005. Faoi réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an tÚdarás, ní mór an chéad toghchán eile a reachtáil am éigin sa tréimhse idir 1 Aibreán 2009 agus 1 Deireadh Fómhair 2010. Mar is eol don Teachta, tá moltaíéagsúla maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht á bplé i gcomhthéacs na tuarascála ón Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 a foilsíodh le déanaí. Sna cúinsí sin, níl sé i gceist agam cinneadh a thógáil ag an bpointe seo maidir le dáta don chéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.