Written answers
Wednesday, 16 December 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Bóithre Áise
11:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 33: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéad airgid a bheidh ar fáil i rith 2010 le haghaidh bóithre áise. [47142/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Níl cinneadh críochnúil déanta ag mo Roinn go fóill maidir leis an méid sonrach airgid a bheidh ar fáil chun caitheamh ar bhóithre áise sa Ghaeltacht in 2010, i gcomhthéacs na n-éileamh caipitil uile a mbeidh freastal le déanamh orthu sa Ghaeltacht trí chéile. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, beifear ag díriú i dtosach ar cheadúcháin atá déanta cheana, ach nach bhfuil íoctha go fóill, a ghlanadh.
No comments