Written answers
Wednesday, 9 December 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Stáisiúin Dóiteáin
10:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 185: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas déanta maidir le cuidiú a chur ar fáil do phobal áirithe (sonraí tugtha) le haghaidh stáisiún dóiteáin a thógáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46199/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta nach bhfuil iarratas faighte ag mo Roinnse ar chúnamh faoi na Scéimeanna Gaeltachta d'fhorbairt stáisiúin dóiteáin don phobal atá luaite aige. Is gnó don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil maoiniú a dhéanamh ar a leithéid. Níl aon scéim ag mo roinn faoin a bhféadfaí a leithéid a mhaoiniú.
No comments