Written answers
Tuesday, 8 December 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Calafoirt agus Céanna
10:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 307: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ar dheontas ina Roinn le haghaidh obair dheisiúcháin ar ché (sonraí tugtha), cén uair a rinneadh an t-iarratas, an bhfuil meastachán faighte don obair, an gceadófar an deontas. [46048/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cheadaigh mo Roinn deontas €240,185 do Chomhairle Chontae Dhún na nGall i Márta 2008 le comhairleoirí innealtóireachta a cheapadh chun doiciméid chonartha a ullmhú don ché atá luaite ag an Teachta.
Tá an obair seo curtha i gcrích ag an gComhairle Contae faoin am seo agus tá iarratas ar cheadúnas imeall trá déanta i leith na forbartha. Ach an ceadúnas seo a bheith faighte, déanfar an cheist maidir le maoiniú a cheadú don togra a mheas i gcomhthéacs an tsoláthair iomláin a bheidh ar fáil do mo Roinn le caitheamh ar fhorbairt oileán i gcoitinne, ag tógáil san áireamh na tosaíochtaí agus na héilimh éagsúla a mbeidh gá freastal orthu.
No comments