Written answers

Thursday, 26 November 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Cruthú Fostaíochta

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 213: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é mar a sheasann cás tionscail (sonraí tugtha); an uimhir daoine atá fostaithe sa tionscal faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43520/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé curtha in iúl dom ag Údarás na Gaeltachta gur comhlacht neamhspleách príobháideach é an comhlacht atá i gceist ag an Teachta, a fuair cúnamh deontais ón Údarás idir 1988 agus 2009. Tuigtear dom go bhfuair an tÚdarás scéal ón gcomhlacht le déanaí go bhfuil seisear as an naonúr fostaí le ligean chun siúil ag deireadh na míosa seo mar gheall ar dheacrachtaí a bhaineann le margaí. Is trua liom an caillteanas fostaíochta seo ach tuigim ón Údarás go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an gcomhlacht gnóthaí eile dá chuid a fhorbairt d'fhonn na poist eile a choinneáil agus fostaíocht nua a chruthú thar thréimhse. Tuigtear dom freisin go bhfuil pá iomarcaíochta de bhreis ar phá reachtúil le híoc leis na fostaithe atá le ligean chun siúil. Beidh an tÚdarás ag coinneáil súil ar dhul chun cinn an chomhlachta seo sa tréimhse amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.