Written answers
Tuesday, 24 November 2009
Department of Education and Science
Caiteachas Ranna
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 531: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an féidir leis gealltanas a thabhairt nach gcuirfear an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar ceal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42604/09]
Batt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá sé riachtanach laghduithe suntasacha a dhéanamh i gcaiteachas buiséadach insna blianta le teacht. Machnófar leibhéil caiteachais mo Roinnese mar chuid den phróiseas Meastachán agus buiséadach do 2010. Áireofar anseo machnamh ar Thuarascáil an Ghrúpa Speisialta um Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais, agus is gnó don Rialtas iad na cinntí faoi na nithe go léir a éireoidh as sin.
Táim feasach faoi luach na hoibre a dhéanann COGG. Ní bheadh sé cuí dhomsa trácht a thuilleadh ar an gceist ag an dtráth seo ag feitheamh ar thoradh na bpróiseas breithniúcháin seo.
No comments