Written answers
Tuesday, 17 November 2009
Department of Enterprise, Trade and Employment
Fiontraíocht Éireann
10:00 pm
Leo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 124: To ask the Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an aontaíonn sí nár chóir feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a aistriú go Fiontraíocht Éireann ós rud é gur cuid lárnach agus ríthábhachtach de ghnó an Údaráis iad na feidhmeanna fiontraíochta, agus go ndéanfaí tuilleadh imeallú ar fhiontraíocht sna Gaeltachtaí dá n-aistreofaí na feidhmeanna sin go Fiontraíocht Éireann toisc go mbeadh béim ag Fiontraíocht Éireann ar na cathracha agus na bailte tairsí agus go bhféadfaí neamhshuim a dhéanamh de riachtanais na mbailte iargúlta Gaeltachta, i bhfianaise a cuid cainte ag seoladh Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn i mbliana. [41467/09]
Mary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Foilsíodh Tuarascáil an Ghrúpa Speisialta ar Uimhreacha sna Seirbhísí Poiblí agus Cláir Caiteachas i mí Iúil seo chaite. I measc na moltaí atá sa Tuarascáil moltar comhtlháthrú fheidhm fiontraíochta Udaras na Gaeltachta laistigh de Fhiontraíocht Éireann. Maraon le moltaí go léir an Ghrúpa, tá súil agam go ndéanfaidh an Rialtas scrúdú ar an moladh seo i gcomhthéacs Meastacháin 2010.
No comments