Written answers
Tuesday, 17 November 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Íocaíochtaí Deontas
10:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 95: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhféadfadh sé cuntas a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag a Roinn faoi na tuilte i nGaoth Dobhair i mí an Mheithimh seo caite, ar an líon iarratas a fuarthas sa Roinn, ar an líon deontas atá ceadaithe go dtí seo, ar chostais na ndeontas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41652/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh 120 ar 6 Deireadh Fómhair 2009. Mar a chuir mé in iúl sa bhfreagra sin, tá€87,000 ceadaithe ag mo Roinn do Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun 15 bóthar áise a dheisiú sa chás seo. Tá measúnú déanta ag oifigigh mo Roinne anois ar na hiarratais ar fad a bhain leis an damáiste tuile agus beidh meastacháin á gcur ar fáil ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall i leith na n-iarratas atá cáilithe. Déanfar cinneadh maidir le deontais a cheadú sna cásanna sin ach na meastacháin a bheith faighte agus soláthar airgid a bheith ar fáil do mo Roinnse chun na críche seo.
No comments