Written answers

Thursday, 5 November 2009

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Córas Postchóid

10:00 am

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 211: To ask the Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an mbeadh sé sásta córas postchóid nua na hÉireann a bhunú ina iomláine ar logainmneacha Gaeilge, ar uimhreacha agus ar an gcoimriú IE, nó ar uimhreacha agus litreacha nach mbaineann le haon logainm amhail ceann a bheadh bunaithe ar chomhordanáidí mar atá in úsáid sa chóras PONC atá curtha le chéile ag GPS Ireland cheana féin; gníomh a thacódh le beartas dátheangach an Rialtais, spiorad Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann, beartas an Aontais Eorpaigh atá meáite ar mhionteangacha a chothú agus a neartú, agus straitéis 20 bliain don Ghaeilge atá le foilsiú go luath; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39944/09]

Photo of Eamon RyanEamon Ryan (Dublin South, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Tá faomhaithe ag an Rialtas do chur i gcrích córas postchód mar a mhol an Bord um Thionscadal na bPostchód Náisiúnta.

Cuireadh an Bord ar bun chun an córas ab oiriúnaí d'Éirinn a mholadh agus chun féachaint ar na costais agus na tairbhí agus ar chur i gcrích postchód. Faoi réir an chórais a mholadh roinnfear an tír i thart ar 200 bailte poist agus i ngach baile poist beidh grúpaí de thart ar 40 nó 50 réadmhaoin. Tá cruth ABC 123 ar an bpostchód ina léirítear an baile poist sna litreacha agus an grúpa réadmhaoin ina bhfuil foirgneamh áirithe sna figiúirí.

Roghnaíodh an córas postchód áirithe ar roinnt fáthanna éagsúla, orthu siúd go mba éasca do bhaill an phobail cuimhneamh ar a gcód féin agus gur chabhair tagairt do logainm chuige seo. Is cuid lárnach de rath na gcód go mbainfeadh an pobal úsáid astu.

Níl aon rud sa mholadh a chuireann iachall ar dhuine comhdhéanamh an tseolta a mhalartú, nó a choinneodh duine ó úsáid a bhaint as foirm an tseolta i gceachtar de theangacha oifigiúla an Stáit. Sa bhreis ar sin, i gcás bailte poist atá lonnaithe san nGaeltacht, bainfear litreacha as leagan oifigiúil na Gaeilge de logainm leis an cód a bhunú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.