Written answers
Wednesday, 21 October 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Clár Forbartha Áitiúil
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 241: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige deireadh a chur leis an scéim oifigeach forbartha faoi oiliúint atá ar siúl in ionad (sonraí tugtha) i bhfianaise an dochair a dhéanfadh cinneadh dá leithéid don ionad agus don phobal áitiúil; agus an gcuirfidh sé na hacmhainní cuí ar fáil chun a chinntiú go leanfar ar aghaidh leis an scéim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37638/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Feidhmíonn Údarás na Gaeltachta faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Údarás na Gaeltachta 1979 go 1999. Tuigfidh an Teachta, mar sin, gur gnó don Údarás féin an cheist atá ardaithe aige agus nach bhfuil aon fheidhm reachtúil agamsa mar Aire maidir le riaradh ghnóthaí laethúla na heagraíochta. Cuirtear maoiniú ar fáil ó mo Roinnse don Údarás gach bliain agus is gnó don eagraíocht an maoiniú sin a úsáid ar bhealach éifeachtach ar mhaithe lena cuid spriocanna a bhaint amach.
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 242: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige deireadh a chur leis an scéim oifigeach forbartha faoi oiliúint atá ar siúl in ionad (sonraí tugtha) i bhfianaise an dochair a dhéanfadh cinneadh dá leithéid don ionad agus don phobal áitiúil; agus an gcuirfidh sé na hacmhainní cuí ar fáil chun a chinntiú go leanfar ar aghaidh leis an scéim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37639/09]

No comments