Written answers

Tuesday, 20 October 2009

Department of Education and Science

Coistí Ranna

9:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 612: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhféachfaidh sé chuige go mbunófar coiste neamhspleách de dhaoine aitheanta cáilithe chun iniúchadh iomlán a dhéanamh ar na himeachtaí laistigh den Roinn Oideachais agus Eolaíochta le breis agus 30 bliain anuas atá ina gcúis leis an staid ina bhfuil cúrsaí maidir le múineadh na Gaeilge anois, ag an mbunleibhéal, ag an dara leibhéal agus ag an tríú leibhéal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27160/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl sé i gceist agam coiste dá leithéid a bhunú. Seans go gcabhródh sé leis an Teachta dá ndéanfainn cur síos ar na beartais atá á gcur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn sa chóras oideachais. D'fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta staidéar mheastóireachta na cigireachta dar teideal An Ghaeilge sa Bhunscoil i 2007 agus staidéar ar mhúineadh na Gaeilge sa tsraith shóisearach Ag Breathnú ar an nGaeilge sa tSraith Shóisearach i 2007 chomh maith. D'fhoilsigh An Roinn Oideachais agus Eolaíochta An Ghaeilge sna Bunscoileanna: Treochtaí Náisiúnta Fadtéarmacha in Inniúlacht leis an Dr John Harris, Coláiste na Tríonóide i 2006. Mar thoradh ar na tuairiscí sin, cuireadh seirbhísí tacaíochta do mhúineadh na Gaeilge ar fáil ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal chun cuidiú le múinteoirí modhanna cumarsáideacha a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, cuireadh €300,000 sa bhreis ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta d'fhonn ábhar breise teagaisc agus téacsleabhair don Ghaeilge a sholáthar.

Tá raon beart ar bun chun tacú leis an nGaeilge. Orthu seo tá:- * An Ghaeilge ina hábhar riachtanach do gach aon dalta thuas go deireadh an oideachais dara leibhéal uachtaraigh ach amháin dóibh siúd a bhfuil díolúintí deonaithe dóibh * Tacaíochtaí breise do bhunú Gaelscoileanna * Liúntais bhreise do mhúinteoirí as múineadh trí Ghaeilge agus as múineadh sa Ghaeltacht * Seirbhísí taca curaclaim chun oideachas gairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile * Obair na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus Scéim na nDearthóirí ag soláthar acmhainní trí mheán na Gaeilge do scoileanna, ag infheistiú beagnach €2m in aghaidh na bliana sa réimse seo * Méadú na marcanna i leith na measúnachta béil insna scrúduithe teastais go dtí 40% d'fhonn béim láidir ar inniúlacht bhéil a spreagadh i múineadh agus foghlaim na Gaeilge * Socrúchán 3 seachtaine sa Ghaeltacht do gach aon mhúinteoir bunscoile faoi oiliúint * Scéim scoláireachta chun cur ar chumas mac léinn dara leibhéal as ceantair faoi mhí-bhuntáiste freastal ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht * Campaí samhraidh Gaeilge do mhic léinn bunscoile as ceantair faoi mhí- bhuntáiste * Monatóireacht leanúnach ar chaighdeáin Gaeilge sna scoileanna tríd an gCigireacht agus trí thaighde a coimisiúnaíodh go heachtrach * Infheistíocht i gcláir Gaeilge san ardoideachas, go háirithe trí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh, Fiontar i gCathair Átha Cliath, agus Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Corcaigh.

Tá na bearta seo ceaptha chun inniúlacht bhéil sa Ghaeilge a neartú insna scoileanna, agus chun a chinntiú go múintear an Ghaeilge i slí atá suimiúil, ábhartha agus a chothóidh dearcadh fabhrach i leith na teangan i measc na hóige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.