Written answers

Wednesday, 14 October 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Clár Forbartha Áitiúil

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 234: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige deireadh a chur leis an scéim oifigeach forbartha faoi oiliúint atá ar siúl in ionad (sonraí tugtha) i bhfianaise an dochair a dhéanfadh cinneadh dá leithéid don ionad agus don phobal áitiúil; an gcuirfidh sé na hacmhainní cuí ar fáil chun a chinntiú go leanfar ar aghaidh leis an scéim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36137/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Feidhmíonn Údarás na Gaeltachta faoi réir fhorálacha na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta 1979 go 1999. Tuigfidh an Teachta, mar sin, gur gnó don Údarás féin an cheist atá ardaithe aige agus nach bhfuil aon fheidhm reachtúil agamsa mar Aire maidir le riaradh ghnóthaí laethúla na heagraíochta. Cuirtear maoiniú ar fáil ó mo Roinnse don Údarás gach bliain agus is gnó don eagraíocht an maoiniú sin a úsáid ar bhealach éifeachtach ar mhaithe lena cuid spriocanna a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.