Written answers
Tuesday, 13 October 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Scéim na mBóithre Áise
12:00 pm
Martin Ferris (Kerry North, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 301: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéad iarratas faoi scéim na mbóithre áise i gContae Dhún na nGall atá go fóill ag an Roinn; agus an dtiocfadh leis an Aire tuairisc a thabhairt ar stádas na n-iarratas agus cén fhad atá siad ag an Roinn. [35710/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Sa tréimhse 2002 go dáta i 2009, tá os cionn €2.2m i ndeontais faoi Scéim na mBóithre Áise ceadaithe ag mo Roinn do Chomhairle Chontae Dhún na nGall i leith 282 bóthar áise. San áireamh anseo tá €87,000 a ceadaíodh le déanaí i leith 15 bóthar a ndearnadh damáiste tuile dóibh i gceantar Ghaoth Dobhair níos luaithe i mbliana.
Tá 558 iarratas faoin scéim fós ar láimh ag mo Roinn, 99 díobh seo a bhaineann leis an damáiste tuile. Faoi láthair, tá meastacháin faighte ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall i leith 105 cinn de na hiarratais seo agus tá meastacháin iarrtha i leith 171 eile. Measadh, tar éis réamh-scrúdú ag mo Roinnse, go raibh na cásanna sin ar na cinn a bhain an tosaíocht ba mhó leo. Beidh cinneadh maidir le breis airgid a cheadú i leith na n-iarratas éagsúla ar láimh ag brath ar choinníollacha na scéime a bheith comhlíonta agus an soláthar airgid a bheidh ar fáil do mo Roinn amach anseo le caitheamh ar scéimeanna feabhsúcháin Ghaeltachta.
Martin Ferris (Kerry North, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 302: To ask the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs the number of open applications in his Department at present under scéim na mbóithre áise in County Donegal; and if he will provide a report on the status of these applications and the length of time that these applications have been with his Department. [35711/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
From 2002 to date in 2009, my Department has approved over €2.2m in grant aid under Scéim na mBóithre Áise (Gaeltacht Accommodation Roads Scheme) to enable Donegal County Council to carry out improvement works on 282 roads. Included in this sum is €87,000 which was recently approved for 15 roads damaged by flooding in Gaoth Dobhair earlier this year.
The present position is that there are 558 applications under the scheme on hand, including 99 that relate to the flood damage in Gaoth Dobhair. Estimates have been provided by Donegal County Council in respect of 105 of these and have been requested in respect of a further 171. It was considered, following a preliminary examination by my Department, that these were the cases with the highest priority attaching to them. The question of providing grant aid in respect of all applications on hands is dependent on the scheme's conditions being fulfilled and the amount of funding available to the Department for Gaeltacht improvement schemes.
Martin Ferris (Kerry North, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 303: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gcuirfidh sé ainmneacha na 15 iarratasóir atá ceadaithe faoi Scéim Tuilte Ghaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall ar fáil. [35712/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt don gcúnamh a cheadaigh mé le gairid faoi Scéim na mBóithre Áise, ag eirí as damáiste a rinne tuilte i gceantar Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, níos luaithe i mbliana. Tá sonraí cuí sa Tábla leis seo maidir leis na bóithre ar ceadaíodh deontais ina leith - ní nós le mo Roinnse ainmneacha iarratasóirí ar Scéim na mBóithre Áise a fhoilsiú i bhfreagraí ar Cheisteanna Pharlaiminte. Seolfar na sonraí gaolmhara eile chuig an Teachta go díreach. TÁBLA: Bóithre Áise Ghaoth Dobhair ar ceadaíodh deontais ina leith
Uimh thag | Seoladh | Fad iméadair | Deontas |
19D96T | Mín an Chladaigh | c.100 | €4,000 |
09D57T | Cnoc Fola | c.100 | €5,000 |
09D01 | Bun na Leaca | c.400m | €22,500 |
09D104T | Bun na Leaca | c.80 | €7,200 |
09D34T | Luinneach Beag | c. 250 | €9,500 |
09D13T | Seascann Beag | c.150 | €4,500 |
09D63T | Seascann Beag | c.60 | €2,000 |
09D83T | Srath na Corcrach | c.200 | €7,500 |
09D18T | Doirí Beaga | c.200 | €2,200 |
09D12T | Baile Lár | c.70 | €1,500 |
09D51T | Baile Lár | c.80 | €5,000 |
09D42T | Machaire Chlochair | c.200 | €6,600 |
09D17T | Machaire Chlochair | c.100 | €5,000 |
09D101T | Machaire Chlochair | c.80 | €1,500 |
09D55T | An Coitín | c.100 | €3,000 |
Iomlán | €87,000 |
Martin Ferris (Kerry North, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 304: To ask the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs the names of the 15 applicants who have been approved under the Tuillte Ghaoth Dobhair scheme in County Donegal. [35713/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
I assume the Deputy is referring to grants that I sanctioned recently under Scéim na mBóithre Áise (Gaeltacht Accommodation Roads Scheme) for roads that were damaged by flooding in Gaoth Dobhair, Co Donegal, earlier this year. Relevant details pertaining to the roads that have been approved for grant aid are set out in the following table - it is not my Department's practice to publish the names of applicants under this scheme in replies to Parliamentary Questions. The related details will be provided directly to the Deputy.
TABLE: Roads in Gaoth Dobhair for which grant aid was approved
Ref No | Address | Length in metres | Grant |
19D96T | Mín a Chladaigh | c.100 | €4,000 |
09D57T | Cnoc Fola | c.100 | €5,000 |
09D01 | Bun na Leaca | c.400m | €22,500 |
09D104T | Bun na Leaca | c.80 | €7,200 |
09D34T | Luinneach Beag | c. 250 | €9,500 |
09D13T | Seascann Beag | c.150 | €4,500 |
09D63T | Seascann Beag | c.60 | €2,000 |
09D83T | Srath na Corcra | c.200 | €7,500 |
09D18T | Doirí Beaga | c.200 | €2,200 |
09D12T | Baile Lár | c.70 | €1,500 |
09D51T | Baile Lár | c.80 | €5,000 |
09D42T | Machaire Chlochair | c.200 | €6,600 |
09D17T | Machaire Chlochair | c.100 | €5,000 |
09D101T | Machaire Chlochair | c.80 | €1,500 |
09D55T | An Coitín | c.100 | €3,000 |
Iomlán | €87,000 |
No comments