Written answers
Tuesday, 6 October 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foilseacháin sa Ghaeilge
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 145: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair a bheidh nuachtán Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge arís; agus an féidir leis a gheallúint, anois agus an spriocdháta d'iarratais ar an deontas nua thart, nach gcuirfear aon mhoill ar chinneadh luath a dhéanamh. [33659/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, is é Foras na Gaeilge a chuireann an maoiniú ar fáil chun nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú. Tuigim ón bhForas gur fógraíodh comórtas nua le gairid agus go bhfuarthas roinnt iarratas faoin spriocdháta den 4 Meán Fómhair 2009. Tá na hiarratais sin á meas faoi láthair agus comhairlítear dom go bhfuil sé i gceist agallaimh a chur ar na hiarrthóirí is fearr, bunaithe ar na hiarratais scríofa. Tá súil ag an bhForas moladh a chur faoi bhráid Bhord na heagraíochta i mí na Samhna.
Tá Foras na Gaeilge tiomanta do nuachtán seachtainiúil Gaeilge a bheith ar fáil do phobal na Gaeilge agus, sna cúinsí sin, tuigtear dom go ndéanfar an cinneadh sa chás seo chomh luath agus is féidir.
No comments