Written answers
Tuesday, 6 October 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 129: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith sainmhínithe nua ar cad is Gaeltacht ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34187/09]
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 131: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ar Bhille Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34189/09]
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 150: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a dhéanfar aon chinneadh ar theorainneacha na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34188/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 129, 131 agus 150 le chéile.
Faoi mar is eol don Teachta, tá obair idir lámha faoi choimirce an Choiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht maidir le Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a ullmhú. Sa chomhthéacs ginearálta sin, táthar ag déanamh scrúdú ar na saincheisteanna a thagann chun cinn — ceist na Gaeltachta san áireamh — i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí atá sa Tuarascáil a d'eascair ón Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Beidh an Straitéis féin le haontú ag an gCoiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sula gcuirfear os comhair an Rialtais é. Táthar ag súil leis go nglacfar na céimeanna cuí chuige sin go luath.
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 130: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a fhoilseofar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. [34212/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá dréacht den Straitéis 20 bliain don Ghaeilge á mheas faoi láthair ag mo Roinn féin agus ag Ranna Stát eile a mbeidh sé de fhreagracht orthu í a chur i bhfeidhm. Beidh an Straitéis féin le haontú ag an gCoiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sula gcuirfear os comhair an Rialtais é. Táthar ag súil leis go nglacfar na céimeanna cuí chuige sin go luath.
No comments