Written answers
Wednesday, 23 September 2009
Department of Education and Science
Scéimeanna Tógála Scoile
9:00 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 180: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn maidir le feabhsú a chur, agus meadú a dhéanamh, ar scoil (sonraí tugtha); cén feabhsú agus meadú atá i gceist; cén staid ag a bhfuil an tionscanamh faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32657/09]
Batt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá tionscadal mór tógála ag an scoil dá dtagraíonn an Teachta ag ardchéim pleanála ailtireachta faoi láthair. Tá eolas i dtaobh an chláir reatha tógála scoile, an tionscadal dá dtagraíonn an Teachta ina measc, le fáil anois ar shuíomh gréasáin mo Roinne ag www.education.ie.
Braitheann cur chun cinn gach uile tionscadal tógála ar scála mór, an ceann seo san áireamh, ó chéim an chéad dearaidh go dtí staid na tógála, ar na tosaíochtaí i measc na n-éileamh iomaitheacha ar an maoiniú atá le fáil as buiséad capitil na Roinne. Machnófar i gcónaí an tionscadal seo i gcomhthéacs Chlár Ilbhlianach Tógála agus Nuachóirithe Scoileanna mo Roinne.
No comments