Written answers
Tuesday, 22 September 2009
Department of Education and Science
Oideachais Gaeltachta
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 370: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an féidir leis a rá nach gcuirfear i bhfeidhm aon cheann de na moltaí oideachais atá déanta i dtuarascáil Mhic Cárthaigh go dtí go bhfoilseoidh an Rialtas Plean 2028 don Ghaeilge (sonraí tugtha). [32165/09]
Batt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá géar-riachtanas ann laghduithe suntasacha a dhéanamh i gcaiteachas buiséadach insna blianta romhainn amach. Machnófar na leibhéil caiteachais do mo Roinnse mar chuid den phróiseas Meastachán agus buiséadach do 2010. San áireamh anseo beidh machnamh ar thuarascáil an Ghrúpa Speisialta um Uimhreacha Seirbhíse Poiblí agus um Chláir Chaiteachais. Gnó don Rialtas é na cinntí faoi na gnóthaí go léir a éireoidh as sin.
Ní bheadh sé cuí dhomsa trácht a thuilleadh air seo ag an am seo ar feitheamh toradh na bpróiseas breithniúcháin seo. Tá na pointí a rinne an eagraíocht i gceist nótáilte, áfach, maidir leis an gComhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, cónascadh scoileanna beaga, na leibhéil foirnithe sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, na hIonaid Oideachais sa Ghaeltacht agus ról na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Machnófar iad seo mar chuid den phróiseas foriomlán.
No comments