Written answers

Thursday, 9 July 2009

Department of Transport

Acht um Thrácht ar Bhóithre

12:00 pm

Photo of Paul Connaughton  SnrPaul Connaughton Snr (Galway East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 28: To ask the Aire Iompair cén fáth nach bhfuil sé i gceist aige an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961, Alt 95, a leasú chun cead a thabhairt athrú a chur ar chruth dátheangach na gcomharthaí tráchta chun idirdhealú follasach éifeachtach a dhéanamh ar logainmneacha Gaeilge agus Béarla de réir córais shimplí, shoiléir a bheadh éasca le tuiscint, agus a laghdódh ar amanna freagartha agus léimh na dtiománaithe, agus a dhéanfadh na bóithre níos fusa le húsáid ag tiománaithe, agus níos sábháilte do chách, mar atá molta i dtuarascáil (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28510/09]

Photo of Noel DempseyNoel Dempsey (Meath West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá na socruithe maidir le téacs a thaispeáint ar chomharthaí bóthair leagtha amach ins an Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (Alt 95). Tá na prionsabail maidir le téacs a thaispeáint ar chomharthaí bóthair leagtha amach i Lámhleabhar na gComharthaí Tráchta. Is é an cuspóir bunúsach atá taobh thiar díobh ná go bfhuil soiléireacht curtha ar fáil don lucht taistil sa chaoi is nach gcuirtear isteach ar shábháilteacht ar na bóithre.

Cuireadh úsáid téacs, cló-aghaidh, cló-éadain agus téacs a chomhdhlúthú san áireamh nuair a bhí ábhar an lámhleabhair chomharthaíochta tráchta á dhreachtadh agus á n-ullmhú. Cuireadh san áireamh chomh maith an chomharthaíocht dhátheangach atá in úsáid sa Bhreatain Bheag agus in Alba.

Táim sásta go bfhuil cuspóirí an pholasaí réamh luaite bainte amach ag an gcruth atá ar ár gcomhtharthaíocht bhóthair dhátheangach. Níl sé ar intinn agam an polasaí seo nó cruth dátheangach na gcomharthaí tráchta a leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.