Written answers

Wednesday, 8 July 2009

Department of Finance

Feachtais Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 145: To ask the Aire Airgeadais cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an bhfeachtas ag duine (sonraí tugtha) chun an leagan Béarla coimrithe d'ainm na tíre (IRL) atá ar chláruimhreacha na gcarranna anseo a athrú ar ais go dtí an leagan Gaeilge coimrithe (ÉIR), a bhí ar ghluaisteáin go dtí 1962 sular athraíodh faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 é, i gcás carranna a chláraítear in Éirinn ó Eanáir 2009 ar aghaidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28452/09]

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 149: To ask the Aire Airgeadais cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an bhfeachtas ag duine (sonraí tugtha) chun an leagan Béarla coimrithe d'ainm na tíre (IRL) atá ar chláruimhreacha na gcarranna anseo a athrú ar ais go dtí an leagan Gaeilge coimrithe (ÉIR), a bhí ar ghluaisteáin go dtí 1962 sular athraíodh faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 é, i gcás carranna a chláraítear in Éirinn ó Eanáir 2009 ar aghaidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28339/09]

Photo of Brian Lenihan JnrBrian Lenihan Jnr (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé beartaithe agam Ceisteanna 145 agus 149 a thógáíl le chéile.

Tá curtha in iúl dom ag na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil foráil le hAlt 141 san Acht Airgeadais 1992 do na Coimisinéirí le rialacháin a dhéanamh mar is cuí nó is dóigh leo is gá le bainistiú, fáil agus bailiú a dhéanamh ar cháin chláraithe feithiclí (VRT) sa Stát. Maidir leis sin forordaíonn Ionstraim Reachtúil Uimh. 318 de 1992 (Na Rialacháin um Chlárú Feithiclí agus Cánachas 1992 (arna leasú)) formáid, toisí agus sonraíocht theicniúil plátaí cláraithe a léireofar ar fheithiclí a chláraítear sa Stát.

Is eol don Teachta go bhfuil freagracht ar na Coimisinéirí Ioncaim maidir le nithe a bhaineann le formáid plátaí cláraithe sa Stát ó tugadh isteach VRT an 1 Eanáir 1993 agus roimhe sin gur bhain nithe a bhain le formáid plátaí cláraithe le dualgas na Roinne Comhshaoil mar a bhí.

Ar bhonn idirnáisiúnta bíonn difríochtaí idir plátaí cheadúnais thíortha éagsúla trí chód tíre breise do phlátaí ceadúnais. Tá sainitheoir na tíre seo léirithe i mbloc dubh láidir ceannlitreacha ar phláta beag bán ubhchruthach nó greamán ar chúl na feithicle in aice leis an bpláta uimhreacha. Ba Choinbhinsiún de chuid na Náisiún Aontaithe ar Thrácht Bóthair a dháil na sainitheoirí ar dtús sa Ghinéiv in 1949.

Tugadh an cód trí litreach "IRL" d'Éirinn in 1962 agus tá úsáid á bhaint as ó shin. Tugadh isteach pláta cláraithe fhormáid choiteanta an AE le Rialachán AE Uimh. 2411/98 ón AE ar fud an AE an 11 Samhain 1998. Tá an Rialachán sin athraithe isteach ag Éirinn sa reachtaíocht náisiúnta VRT agus comhlíonann an pláta cláraithe atá ann faoi láthair an fhormáid a éilíonn an AE. Ba chóir a thabhairt ar aird nach bhfuil gá an greamán ubhchruthach leis an sainitheoir tíre idirnáisiúnta a léiriú i gcás feithiclí a bhíonn ag taisteal laistigh den AE ar an gcoinníoll go bhfuil an pláta uimhreacha de réir ghnáth-Chaighdeán an AE.

B'fhéidir gur thug an Teachta faoi deara nár baineadh leas riamh as an tsiombail "ÉIR" mar shiombail náisiúnta na hÉireann ar phlátaí cláraithe in Éirinn. Sannadh an sainitheoir "EIR" do Cho. Uíbh Fhailí áfach le hIonstraim Reachtúil Uimh. 46 de 1960 – Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Marcanna Innéacs) (Leasú), 1960. Tá sé deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ó thaobh aon athrú a dhéanamh ar an tsiombail náisiúnta atá ann "IRL" agus in aon iarracht chun an tsiombail sin a athrú go gcaithfí leasú a dhéanamh ar chód tíre sannta na Náisiún Aontaithe don Stát agus ar an Iarscríbhinn chuí a ghabhann le Rialachán AE Uimh. 2411/98 ón gComhairle.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.