Written answers

Wednesday, 1 July 2009

Department of Education and Science

Gaelscoileanna sa Ghaeltacht

11:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 291: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén beartas atá ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir le scoileanna a bhíonn ag múineadh trí Ghaeilge sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23724/09]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 292: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtacaíonn sé le scoileanna lánGhaeilge sa Ghaeltacht, nó an é mian agus polasaí na Roinne go mbeadh sruthanna Béarla ag feidhmiú iontu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23725/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé i gceist agam ceisteanna 291 agus 292 a fhreagairt le chéile.

Is é beartas na Roinne Oideachais agus Eolaíochtaí go ndéanfaí teagasc trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta a mhéad is féidir. Faigheann oidí i scoileanna Gaeltachta liúntas ar leith de €3,068 mar gheall ar theagasc trí Ghaeilge a chur ar fáíl. Soláthraíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta raon leathan de thacaíochtaí a chabhraíonn le cur chun cinn na Gaeilge agus an teagasc trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta. Cuireann an curaclam Gaeilge bunscoile cuspóirí foghlama Gaeilge ar leith ar fáil do scoileanna a mhúineann trí Ghaeilge. Ó thaobh cóimheas oide-daltaí de, tá sceideal coinneála maidir le hoidí gnáthshrutha a choinneáil níos fábhraí ag na scoileanna Gaeltachta bunleibhéil ná mar atá ag bunscoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla. Ina theannta sin, cuirtear oide sa bhreis ar an ngnáthsholáthar ar fáil do gach iarbhunscoil aitheanta mar scoil Ghaeltachta.

Tá gníomhú leanúnach ar bun chun tacú le h-oiliúint agus le forbairt na n-oidí sna scoileanna Gaeltachta. Cuirtear suas le 10% de na hionaid sna Coláistí Oideachais ar leataobh d'iarrthóirí bunmhúinteoireachta ón nGaeltacht chun cur leis an soláthar oidí atá inniúil maidir leis an teagasc trí Ghaeilge. Déanann roinnt de na soláthróirí oideachais d'ábhar oidí freastal ar leith ar an teagasc trí Ghaeilge sna cúrsaí léinn a chuireann siad ar fáil. Díríonn na seirbhísí tacaíochta bunleibhéil agus iarbhunleibhéil aird ar riachtanais na n-oidí a oibríonn sna scoileanna Gaeltachta maidir lena bhforbairt ghairmiúil leanúnach.

Is mór an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas maidir le háiseanna teagaisc a sholáthar chun tacú leis an teagasc trí Ghaeilge. Tá an Chomhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta taréis eolaire cuimsitheach d'áiseanna don Ghaeilge agus don teagasc trí Ghaeilge a fhoilsiú. Chomh maith leis sin, is mór an dul chun cinn atá déanta ó thaobh aistriúcháin leabhar de le cinntiú go bhfuil téacsanna óiriúnacha ar fáil do mhic léinn iarbhunleibhéil atá ag foghlaim trí Ghaeilge. Leanann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta uirthi ag tacú le forbairt Séideán Sí, cúrsa comhtháite Gaeilge atá ar fáil sna príomhchanúintí agus a fhreastalaíonn ar riachtanais teanga na scoileanna Gaeltachta ag an mbunleibhéal.

Ar mhaithe le freastal ar riachtanais agus tosca daltaí aonair agus mianta a dtuismitheoirí, is amhlaidh gurb é taithí roinnt scoileanna nach acmhainn dóibh feidhmiú de réir an chleachtais barrleibhéil mar ba mhian leo agus go mbíonn orthu cur chuige níos solúbtha a ghlacadh dá réir. Le blianta beaga anuas ach go háirithe, tá taithí ag scoileanna Gaeltachta ar ghluaiseachtaí imirce de bharr daoine a bhí ar imirce a bheith ag filleadh abhaile agus daoine ar de bhunadh ceantair lasmuigh den Ghaeltacht iad a bheith ag cur fúthu sa Ghaeltacht. Mar aitheantas ar an scéal a bheith amhlaidh, is féidir go mbíonn ar scoileanna cur chuige dátheangach a chleachtadh i gcás ranganna áirithe nó i gcás daltaí áirithe i ranganna ar leith ar feadh tréimhse áirithe. I gcás dá leithéid leagtar mar chuspóir feabhas a chur ar inniúlacht teanga an dalta ar mhaithe le hoideachas trí Ghaeilge agus úsáid na Gaeilge a éascú don dalta sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.