Written answers

Wednesday, 1 July 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Teangacha Oifigíula

11:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 220: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil dara scéim teanga a Roinne daingnithe go fóill aige cé gur iarr sé ar oifigigh na Roinne dréachtscéim a ullmhú ar an 14 Samhain 2007; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26599/09]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 221: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth go ndúirt sé in agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é ag freagairt ceiste i dtaobh fhionnachtain an Choimisinéara Teanga gur sháraigh a Roinn an dualgas reachtúil atá daingnithe uirthi faoi Alt 18(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i dtaca le feidhmiú Scéim na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta 2004-2007, nár bhain riaradh cúrsaí pearsanra na Roinne leis mar Aire, cé gur léir ón Imscrúdú a rinne an Coimisinéir gurb é an tAire a shínigh gach comhfhreagras idir a Roinn agus Oifig an Choimisinéara maidir le hábhar an imscrúdaithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26612/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 220 agus 221 le chéile.

Maidir le dara Scéim Teanga mo Roinne faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, is féidir liom a chinntiú go bhfuil an scéim sin daingnithe anois agam i gcomhréir le forálacha an Achta agus go mbeidh sí á foilsiú sna laethanta amach romhainn. Maidir leis an imscrúdú sonrach de chuid an Choimisinéir Teanga atá luaite ag an Teachta, cé gur seoladh an comhfhreagras sa chás sin chuig m'Oifig-se, is féidir liom a chinntiú gur bhain na ceisteanna a bhí faoi chaibidil le riarachán pearsanra agus acmhainní daonna, a bhfuil freagracht ina leith ar oifigigh mo Roinnse-se agus ní ormsa mar Aire.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 222: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé na céimeanna atá beartaithe aige chun a chinntiú nach gcruthófaí an folús a cheapann an Coimisinéir Teanga a d'fhéadfaí a chruthú de bharr nach bhfuil dréachtscéimeanna teanga daingnithe ag an Aire; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26600/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá dul chun cinn suntasach déanta go dtí seo maidir le cur i bhfeidhm, ar bhonn chéimiúil, fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, go háirithe ó thaobh scéimeanna teanga a aontú. I measc na nithe is mó atá bainte amach go dtí seo, tá na céimeanna seo a leanas: tá gach foráil den Acht i bhfeidhm ó mí Iúil 2006 agus tá Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla bunaithe ó Feabhra 2004; tá 93 scéim teanga céaduaire, a chlúdaíonn 170 comhlacht poiblí ar fad, daingnithe agus foilsithe ó tháinig an tAcht i bhfeidhm i 2003. Anuas ar sin, tá 29 scéim teanga céaduaire eile, a chlúdaíonn 50 comhlacht poiblí, á n-ullmhú.

Chomh maith leis sin, tá fógra eisithe chuig 39 gcomhlacht faoi alt 15 den Acht ag ceangal orthu athbhreithniú a dhéanamh ar a gcéad scéim teanga agus an dara scéim teanga a ullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú. Díobh sin, tá 2 scéim daingnithe agam agus foilsithe go dáta. Fágann sé sin go bhfuil 66 dréacht-scéim teanga san iomlán á n-ullmhú ag comhlachtaí poiblí, nó á measúnú ag mo Roinnse, i láthair na huaire.

Ar 1 Deireadh Fómhair 2008, tar éis próiseas cuimsitheach comhairliúcháin, rinne mé Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008. Tháinig na Rialacháin sin i bhfeidhm ar 1 Márta 2009 agus tá tábhacht ar leith leo toisc go gcinnteoidh siad go mbeidh an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí sa saol poiblí feasta. Baineann na rialacháin le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i bhfógairtí béil réamhthaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí.

Maidir le scéimeanna teanga, tá sé thar a bheith tábhachtach go dtuigfí go leanann feidhm de réir na reachtaíochta le forálacha aon scéim teanga a dhaingnímse mar Aire go dtí go ndaingnítear scéim nua. Is go sonrach chun a chinntiú nach gcruthófaí folús idir scéimeanna a cuireadh foráil den chineál sin sa reachtaíocht.

Ó thaobh mo Roinne féin, ba mhaith liom a threisiú go bhfuil mise mar Aire chomh tiomanta is a bhí riamh chun forálacha an Achta a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhaineann leis an Acht a bhaint amach. Ag an am céanna, tá gá ar leith, go mór-mhór san aeráid eacnamaíochta atá ann faoi láthair, a bheith cúramach agus stuama, go háirithe agus scéimeanna teanga á bplé ag mo Roinnse le comhlachtaí poiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.