Written answers
Thursday, 18 June 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Straitéis don Ghaeilge
6:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 146: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil anailís costais tairbhe nó aon taighde eile déanta ag an Roinn maidir le costais agus éifeachtacht an struchtúir atá i gceist aige a bhunú chun feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá beartaithe ag an Rialtas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24307/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá dréacht de Straitéis 20 bliain don Ghaeilge faighte agam agus tá sé á mheas faoi láthair ag mo Roinn féin agus ag Ranna eile a mbeidh sé de fhreagracht orthu í a chur i bhfeidhm. Beidh an Straitéis le haontú ag an gCoiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sula gcuirfear os comhair an Rialtais é agus is ag an tráth sin a shocrófar ar aon struchtúr is gá chun í a chur i bhfeidhm.
Tig leis an Teachta glacadh leis gur ar mhaithe lena chinntiú go mbeadh iarrachtaí uile an Stáit ar son na Gaeilge comhtháite agus éifeachtach a chuirfí aon struchtúr nua ar bun.
No comments