Written answers
Wednesday, 17 June 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Íocaíochtaí Deontas
10:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 139: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth go bhfuil líon ceanncheathrú eagrais na hearnála deonaí ag déanamh tinnis dó ag am go bhfuil post nua á fhógairt ag a Roinn féin ar thuarastal suas go €120K agus go mbeidh an té a cheapfar lonnaithe i gceann de thrí phríomhoifig na Roinne, i mBaile Átha Cliath, i dTobar an Choire nó sna Forbacha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24138/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Glacaim leis gur ag tagairt do na heagrais dheonacha Gaeilge atá an Teachta. Sa chomhthéacs sin, dírím a aird ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh 20 den 29.1.09 ina ndearnadh tagairt don bhunmhaoiniú do 19 eagras deonach Gaeilge a cuirtear ar fáil trí Fhoras na Gaeilge. Chuir an Foras tús le hathbhreithniú anuraidh maidir leis na heagrais sin, le cinntiú go mbeidh an luach airgid is fearr le fáil sa todhchaí. Cé go dtuigim go bhfuil an próiseas athbhreithnithe sin ag druidim chun deiridh anois, tá sé ró-luath fós réamhaithris a dhéanamh ar na torthaí a thiocfaidh as. Mar a dúirt mé cheana, tá éifeacht an chaiteachais phoiblí agus luach airgid maidir le spriocanna an Rialtais ó thaobh na Gaeilge a bhaint amach á gcoinneáil faoi bhreithniú agam.
Maidir leis an bpost atá luaite ag an Teachta, is post sinsireach atá i gceist ansin do Stiúrthóir Seirbhíse Aistriúcháin i mo Roinnse. Tá próiseas earcaíochta don phost idir lámha ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i láthair na huaire. Beidh an té a cheapfar freagrach as seirbhís lárnach nua a chur i bhfeidhm chun bainistíocht a dhéanamh ar aistriúchán Ionstraimí Reachtúla ar son Ranna Rialtais agus na nÚdarás Déanta Rialacháin uile.
Ní léir dom aon cheangal díreach idir an post sin agus na heagrais dheonacha Gaeilge.
No comments