Written answers

Wednesday, 17 June 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Irish Language

10:00 pm

Photo of Pat RabbittePat Rabbitte (Dublin South West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 66: To ask the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs if it is planned to locate the new Irish translation unit in the Galway west constituency; and if he will make a statement on the matter. [23862/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

As the Deputy will be aware, the Public Appointments Commission is currently running a competition for a Director of Translation to head up the new Unit referred to by him. The location of this post is expressed as being negotiable with the successful applicant, but to be based in one of the Department's principal offices. Recruitment to further posts in the Unit will be approached in the same way. My Department's principal offices are currently at Mespil Road, Dublin; Tubbercurry, Co Sligo; and Na Forbacha, Co Galway.

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 67: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á chur i bhfeidhm go cothrom; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23840/09]

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 69: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá aontaithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23839/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 67 agus 69 le chéile.

Mar atá tugtha le fios agam don Teach cheana féin, tá dul chun cinn suntasach déanta go dtí seo, ar bhonn chéimiúil, maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. I measc na nithe is mó atá bainte amach go dtí seo tá na céimeanna seo a leanas:

Tá gach foráil den Acht i bhfeidhm ó mí Iúil 2006 agus tá Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla bunaithe ó Feabhra 2004.

Tá 93 scéim teanga céaduaire, a chlúdaíonn 170 comhlacht poiblí ar fad, daingnithe agus foilsithe ó tháinig an tAcht i bhfeidhm i 2003. Anuas ar sin, tá 29 céad scéim teanga céaduaire eile, a chlúdaíonn 50 comhlacht poiblí, á n-ullmhú.

Chomh maith leis sin, tá fógra eisithe chuig 39 gcomhlacht faoi alt 15 den Acht ag ceangal orthu athbhreithniú a dhéanamh ar a gcéad scéim teanga agus an dara scéim teanga a ullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú. Díobh sin, tá 2 scéim daingnithe agam agus foilsithe go dáta. Fágann sé sin go bhfuil 66 dréacht-scéim teanga san iomlán á n-ullmhú ag comhlachtaí poiblí, nó á measúnú ag mo Roinnse, i láthair na huaire.

Ar 1 Deireadh Fómhair 2008, tar éis próiseas cuimsitheach comhairliúcháin, rinne mé Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008. Tháinig na Rialacháin sin i bhfeidhm ar 1 Márta 2009 agus tá tábhacht ar leith leo toisc go gcinnteoidh siad go mbeidh an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí sa saol poiblí feasta. Baineann na rialacháin le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i bhfógairtí béil réamhthaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí.

In Aibreán 2006, rinne mé Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006, a thug liosta na gcomhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoin Acht suas go dáta. Tá i gceist agam tuilleadh Rialacháin den chineál sin a dhéanamh níos deireanaí i mbliana.

Tá 11 Ordú Logainmneacha déanta agam go dáta, ina measc An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004.

Ar iarratas uaimse, tá córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge forbartha ag Foras na Gaeilge. Tá an caighdeán cuí bainte amach ag 125 aistritheoir go dáta.

Táim sásta, mar sin, go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta, ar bhonn leanúnach. Táim sásta chomh maith go bhfuil forálacha an Achta á gcur i bhfeidhm go cothrom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.