Written answers

Wednesday, 17 June 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Irish Language

10:00 pm

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 48: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na bearta bainistíochta maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá déanta aige sa bhliain 2009; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23841/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I dtús báire, ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta go bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á gcur i bhfeidhm ar bhonn chéimiúil agus gur cur chuige leanúnach, fad-téarmach, atá i gceist. Ó thus na bliana seo, tá na nithe seo bainte amach:

· Tá 8 scéim teanga céaduaire, a chlúdaíonn 15 comhlacht poiblí, daingnithe agam agus foilsithe.

· Tá fógra eisithe chuig 6 chomhlacht breise ag iarraidh orthu a gcéad scéim teanga a ullmhú.

· Tá fógra eisithe chomh maith chuig 17 comhlacht poiblí breise ag iarraidh orthu a ndara scéim teanga a ullmhú, rud a fhágann go bhfuil iarrtha go dáta ar 39 comhlacht san iomlán a ndara scéim teanga a ullmhú. Tá dhá cheann de na scéimeanna sin daingnithe agam agus foilsithe cheana féin, agus táim dóchasach go n-éireoidh linn cuid mhaith de na scéimeanna eile a dhaingniú roimh dheireadh na bliana seo. Ní miste a rá go bhfuil feidhm i gcónaí le gach scéim atá daingnithe go dtí seo, agus go mbeidh go dtí go ndaingnítear scéim nua.

· Tá mo Roinnse tar éis dul i gcomhairle athuair le Ranna Rialtais eile maidir leis an liosta de na comhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoin Acht a thabhairt suas go dáta. Tá súil agam Rialacháin ina thaobh seo a dhéanamh níos deireanaí i mbliana.

· Tháinig Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008, a bhaineann le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i bhfógairtí béil réamhthaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí, agus a rinne mé ar 1 Deireadh Fómhair 2008, i bhfeidhm ar 1 Márta 2009.

· Reáchtáladh seisiún eolais, i gcomhar le Foras na Gaeilge, chun Ranna Rialtais agus Údaráis Áitiúla a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta le tamall anuas maidir le hacmhainní agus córais a fhorbairt agus a chur ar bun a chuideoidh le comhlachtaí poiblí a gcuid dualgas faoin Acht a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtaí agus, ag an am gcéanna, na costais a laghdú. I measc na nithe sin, áirítear an Córas Creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge; Freagra - líne chabhrach don earnáil phoiblí; agus áiseanna cuimhne aistriúcháin i nGaeilge don earnáil phoiblí.

Is dóigh liom go léiríonn na bearta seo go bhfuiltear tiomanta chun na spriocanna a bhaineann leis an Acht a bhaint amach, go háirithe d'fhonn cur le raon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí. Leanfar leis an gcur chuige sin ar bhealach stuama agus comhtháite, go mór-mhór san aeráid eacnamaíochta atá ann faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.