Written answers

Tuesday, 9 June 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Forbairt Fostaíochta

8:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 437: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéad monarchana atá lonnaithe i gceantar Bhaile na Finne, Contae Dhún na nGall, agus cad é an líon daoine atá fostaithe i ngach ceann acu. [22287/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé curtha in iúl dom ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil 6 ionad gnó in iomlán ar Eastát Gnó an Údaráis i mBaile na Finne sa Ghaeltacht Láir. Tá gnóthaí lonnaithe i dtrí cinn dóibh sin faoi láthair agus gnó nua innealtóireachta le tosú sa cheathrú ceann go luath. Chomh maith leis sin, tá trí theach iompaithe ina n-ionaid gnó agus gnóthaí seirbhíse lonnaithe iontu. Tá na sonraí maidir le líon na bhfostaithe sna gnóthaí éagsúla á réiteach ag an Údarás faoi láthair agus cuirfear na sonraí sin díreach chuig an Teachta a luaithe is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.