Written answers

Thursday, 7 May 2009

Department of Justice, Equality and Law Reform

Earcaíocht Garda

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 91: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cad é líon na n-earcach ina iomláine a tugadh isteach sa Gharda Síochána ón uair a cuireadh deireadh leis an riachtanas Gaeilge mar choinníoll iontrála. [18322/09]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 92: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cad é líon na n-earcach sa Gharda Síochána, ó chúlra eachtrannach, a ceapadh ó cuireadh deireadh leis an riachtanas Gaeilge mar choinníoll iontrála.. [18323/09]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 93: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cad é líon na n-earcach a ceapadh ón uair a cuireadh deireadh leis an riachtanas Gaeilge mar choinníoll iontrála nach mbeadh an grád Gaeilge san Ardteist acu a bhíodh riachtanach roimhe sin do bhallraíocht den Gharda Síochána. [18324/09]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 94: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cad atá ar bun ag an Choiste Gaeilge a bunaíodh le maoirseacht a dhéanamh ar an nGaeilge i measc earcach sna Gardaí; cad iad dátaí na gcruinnithe a bhí acu go dtí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18325/09]

Photo of Dermot AhernDermot Ahern (Louth, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 91 go 94 i dteannta a chéile.

Cuireadh ceanglas leis an leasú a rinneadh sa bhliain 2005 ar Rialacháin an Gharda Síochána (Ligean Isteach agus Ceapacháin) cáilíocht a theachtadh in dhá theanga, ar gá gurb í an Ghaeilge nó gurb é an Béarla ceann amháin díobh ar a laghad, in ionad an cheanglais cáilíocht a theachtadh sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon san Ardteistiméireacht nó ina comhionann.

Tá curtha in iúl dom ag Coimisinéir an Gharda Síochána gur mar a leanas, atá líon na n-earcach a tugadh isteach sa Gharda Síochána ó rinneadh an leasú sin:

BliainLíon
20061,117
20071,023
2008926
2009200

Is é líon na n-earcach sa Gharda Síochána, ó chúlra eachtrannach, ó rinneadh an leasú ná 21.

Ba ghá do na Gardaí an-chuid ama agus acmhainní a chaitheamh chun a fháil amach cén grád Gaeilge a bhain gach earcach amach san Ardteist. Is amhlaidh, áfach, go bhfuil ar gach earcach cúrsa Gaeilge agus scrúdú Gaeilge a chur i gcrích i gColáiste na nGardaí. Tá iarrtha agam ar Choimisinéir an Gharda Síochána tuairisc a thabhairt dom faoin gCoiste Gaeilge a dtagraíonn an Teachta dó agus cuirfidh mé scéala chuig an Teachta ar an tuairisc sin a fháil dom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.