Written answers
Wednesday, 29 April 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Calafoirt agus Céanna
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 94: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le hoibreacha deisiúcháin ag cé (sonraí tugtha) agus an bhfuil sé ar intinn an sleamhnán a chríochnú.. [16761/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ceadaíodh deontas €20,000 i mí Lúnasa 2008 le sleamhnán a thógáil ag an láthair a luann an Teachta ar an mbunús go raibh an Chomhairle Chontae le suim comhionann a chur ar fáil don togra.
Tá iarratas faighte anois ag mo Roinnse ón gComhairle Chontae ar dheontas breise chun na hoibreacha a chríochnú. Tá an t-iarratas sin á mheas faoi láthair i gcomhthéacs an tsoláthair airgid a bheidh ar fáil do mo Roinnse le caitheamh ar fhorbairt oileánda i gcoitinne, ag tógáil san áireamh na tosaíochtaí agus na héilimh éagsúla a mbeidh gá freastal orthu.
No comments