Written answers
Tuesday, 10 March 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Deontas do Thogra
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 320: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ina Roinn ar dheontas do thogra (sonraí tugtha), cén dáta ar frítheadh an t-iarratas ina Roinn, an bhfuil sé scrúdaithe ag a Roinn, an bhfuil deontas molta go fóill, méid an deontais atá molta, cén uair a íocfar an deontas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10136/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug me ar Cheist Uimh 122 uaidh den 21 Feabhra 2008. Comhairlítear dom go bhfuil an cás scrúdaithe ina iomláine ag m'oifigigh anois. Tuigfidh an Teachta, áfach, de bharr na gcúinsí eacnamaíochta reatha, nach bhfuil cinnteacht ann ag an am seo maidir leis an soláthar airgid a bheidh ar fáil do na scéimeanna éagsúla Gaeltachta atá á reachtáil ag mo Roinnse. Sa chomhthéacs sin, ní bheidh sé ar mo chumas cinneadh a dhéanamh í láthair na huaire.
No comments