Written answers

Tuesday, 10 March 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Foras na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 312: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an seasann an maoiniú atá ar fáil d'Fhoras na Gaeilge do 2009 a céadfhógraíodh sna Meastacháin agus i bpreaseisiúint óna Roinn an 14 Deireadh Fómhair 2008, an bhfuil an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh chun an maoiniú céanna a chur ar fáil de réir mar a aontaíodh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9899/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bhí oll-sholáthar airgid don bhForas Teanga san áireamh sna meastacháin do mo Roinnse a fógraíodh mar chuid de Cháinaisnéis 2009 ar 14 Deireadh Fómhair 2008. Ar mhaithe le cruinneas, ní miste a shoiléiriú nár fograíodh buiséad aontaithe d'Fhoras na Gaeilge mar atá le tuiscint ón gCeist atá curtha ag an Teachta.

Is amhlaidh gur pléadh dréacht-bhuiséid agus pleananna gnó don dá áisínteacht de chuid an Fhorais Teanga ag cruinniú den Chomh-Aireacht Thuaidh/Theas in Inis Ceithleann ar 16 Eanáir seo caite. Ag an gcruinniú sin, aontaíodh, mar chuid den phlé sin, ar na príomh-thosaíochtaí Aireachta don dá áisínteacht, faoi réir chúinsí bhuiséid sa dá dhlínse. Táthar ag súil leis go n-aontófar na buiséid agus na phleananna gnó go foirmiúil ag an gcéad cruinniú Comh-Aireachta eile sa réimse teanga.

Ó thaobh mo Roinne féin de, beidh na soláthair airgeadais críochnaitheacha do 2009 san áireamh mar chuid den Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe a fhoilseofar ar ball.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.