Written answers

Thursday, 5 March 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Comhlachtaí Poiblí agus Tras-Teorann

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 151: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén tsuim airgid atá ceadaithe do na Príomhfheidhmeannaigh sna comhlachtaí poiblí agus trasteorann atá faoi chúram a Roinne a chaitheamh nó a dheonú gan cead a fháil ó Bhoird Stiúrtha na gcomhlachtaí céanna agus cén méid airgid a chaith siad nó a dheonaigh siad sna blianta 2006, 2007 agus 2008; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9310/09]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 152: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén bonn ar a gceaptar daoine ar Bhoird na gcomhlachtaí poiblí agus trasteorann atá faoi chúram a Roinne agus cén buntáiste é do thodhchaí na gcomhlachtaí sin iad a choinneáil amach ón bplé ar an leithscéal go bhfuil coimhlint leasa ann fiú nuair nach bhfuil leas pearsanta nó leas do na heagraíochtaí a bhfuil siad páirteach iontu i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9311/09]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 153: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an é a thuairim gur fearr do na comhlachtaí poiblí agus trasteorann comhairle a gcuid comhaltaí boird a bheith ar fáil dóibh ag cruinnithe de na boird go háirithe sna réimsí sin a bhfuil saintaithí ag na comhaltaí sin orthu agus nach mbeadh siad coinnithe amach ón bplé ach amháin sa chás go mbeadh coimhlint leasa ann toisc leas pearsanta nó leas díreach a bheith ann do cibé comhlacht nó eagraíocht ag a bhfuil na comhaltaí fostaithe nó ar stiúrthóirí orthu iad agus sin trí dheontas a bheith á íoc leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9312/09]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 154: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé nach dea-chleachtas é go bhfuil comhlachtaí príobháideacha d'fhostaithe nó de bhaill Bord Stiúrtha de chuid comhlachtaí poiblí nó trasteorann in ann cur isteach ar dheontais agus deontais a fháil do na comhlachtaí príobháideacha sin ó na comhlachtaí poiblí nó trasteorann céanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9313/09]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 155: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gceapann sé gur dea-chleachtas é go mbeadh Cathaoirligh agus Baill coistí deontas comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí trasteorann ag cur isteach ar dheontais ón gcomhlacht sin dóibh féin nó dá n-eagraíochtaí fad atá cumhacht acu féin breithiúnas a dhéanamh ar iarratais ar dheontais ó chomhlachtaí /ghrúpaí eile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9314/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 151, 152, 153, 154 go 155 le chéile.

Cuirtear cistíocht ar fáil trí Vóta mo Roinne-se do dhá chomhlacht poiblí le bord — Údarás na Gaeltachta agus Coimisiún Forbartha an Iarthair — agus do chomhlacht trasteorann amháin le bord — An Foras Teanga, a bhfuil dhá áisínteacht ann: Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.

Baineann córais difriúla le ceapachán comhaltaí ar bhoird na gcomhlachtaí sin. Mar shampla, is ó Thuaidh a ndéantar leath de na ceapacháin don Fhoras Teanga; bíonn 17 ball d'Údarás na Gaeltachta tofa go daonlathach; agus tagann na ceapacháin do bhord Choimisiún Forbartha an Iarthair faoi mo chúram féin.

An méid sin ráite, cé go mbíonn córais difriúla i gceist ó chomhlacht go comhlacht, is é an bunphrionsabal i gcónaí ná daoine a aimsiú le saineolas, taithí agus spéis i réimse imeachtaí agus feidhmeanna an chomhlachta a bhíonn i gceist. Tá léargas ar na critéir ábhartha ar fáil sa reachtaíocht chuí.

Leagtar amach sa tábla faoi seo sonraí maidir leis na teorainneacha airgid atá ceadaithe do Príomhfheidhmeannaigh a chaitheamh nó a dheonú le cead tarmligthe ó Bhoird Stiúrtha na gcomhlachtaí atá i gceist. Tábla: Teorainneacha airgid atá ceadaithe do Príomhfheidhmeannaigh a chaitheamh nó a dheonú le cead tarmligthe

EagrasTeorainneacha
Údarás na GaeltachtaCaiteachas caipitil: suas go €100,000
Foras na GaeilgeSuas go €50,000
Gníomhaireacht na hUltaiseSuas go €45,000 i gcás riaracháin ghinearálta
Coimisiún Forbartha an IarthairSuas go €20,000

Maidir leis an méid airgid a caitheadh i gcomhréir leis na teorainneacha thuas sna blianta 2006-08, ní raibh sé indéanta an t-eolas sin a chur le chéile san amscála a bhí i gceist. Tá socruithe cuí á ndéanamh, áfach, an t-eolas ábhartha a chur ar fáil don Teachta chomh luath agus is féidir.

Faoi mar is eol don Teachta, tá riachtanais áirithe i ndáil le hEitic agus Caighdeáin in Oifig Phoiblí leagtha amach sa reachtaíocht ghinearálta a bhaineann leis na cúrsaí sin agus, ar ndóigh, sa reachtaíocht shonrach i gcás Údarás na Gaeltachta agus Choimisiún Forbartha an Iarthair. Anuas ar sin, leagtar síos sa Chód Cleachtas do Chomhlachtaí Stáit gur chóir go mbeadh cód cleachtais i scríbhinn ag gach gcomhlacht dá gcuid stiúrthóirí agus dá gcuid fostaithe ag clúdach riachtanais áirithe, coimhlint leasa ina measc. Ó thaobh na gcomhlachtaí trasteorann, leagtar síos a mhacasamhail de riachtanas san Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 (mír 6 de Chuid 7 den Aguisín don Chomhaontú). Tuigim ó na háisínteachtaí trasteorann a thagann faoi scáth mo Roinne go bhfuil a leithéid i bhfeidhm acu agus go bhfuil polasaí soiléir acu i ndáil le coimhlint leasa. Tuigim freisin go bhfuil na polasaithe sin foilsithe nó le foilsiú go luath ar shuíomh idirlín na gcomhlachtaí. Faoi na polasaithe sin, ní mór comhaltaí boird a choinneáil amach ón bplé i gcás go bhféadfadh coimhlint leasa a bheith i gceist toisc leas pearsanta nó leas díreach a bheith ann do pé comhlacht nó eagraíocht lena bhfuil baint ag an gcomhalta. Measaim féin go bhfuil cur chuige mar sin cóir agus ceart.

Ós rud é go gceaptar comhaltaí de thoradh a gcuid saineolais agus taithí sna réimsí ábhartha, tarlaíonn sé ó am go ham go bhféadfadh comhaltaí boird a bheith gníomhach sa réimse áirithe atá faoi chaibidil ag comhlacht ar leith. D'fhéadfadh sé tarlú chomh maith go mbeadh deontas á lorg acu — nó ag dream atá gaolmhar leo — chun togra áirithe a chur chun cinn. Feictear domsa go mba chóir go mbeadh na gnáthchórais mheasúnaithe in ann déileáil go stuama agus go gairmiúil lena leithéid de tharlúint. Ba chóir freisin go mbeadh comhaltaí boird in ann breithiúnas féaráilte a dhéanamh ar iarratais i gcásanna dá leithéid agus ní mór a threisiú gurb é an bord iomlán a bheadh ag díriú ar chinneadh críochnaitheach a dhéanamh i ngach cás den chineál sin. Ar ndóigh, tá an méid céanna fíor i gcás iarratas dá leithéid ó fhostaithe de chuid comhlachta ar bith, sé sin, go bhfuil na rialacha faoin gcód iompair agus na córais mheasúnaithe ann chun déileáil go stuama agus go gairmiúil lena leithéid de chás. Ar ndóigh, má tá aon chás ar leith i gceist ag an Teachta sa chomhthéacs thuas, bheinn lán-sásta fiosruithe a dhéanamh ach eolas cuí a fháil uaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.