Written answers

Wednesday, 4 March 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Polasaí don Ghaeilge

9:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 85: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na ciorruithe atá curtha i bhfeidhm agus atá le cur i bhfeidhm i 2009 ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh na Gaeltachta de ag a Roinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8976/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a fógraíodh sa Teach seo inné, tá céimeanna á mbreithniú ag an Rialtas, gur dócha go mbeidh idir méaduithe ar ioncaim agus coigeartuithe i ndáil le caiteachas i gceist, d'fhonn a chinntiú go mbeidh toradh fioscach críonna do 2009 agus go mbeidh bunús ann do chur chuige inbhuanaithe i ndáil leis an staid airgeadais reatha. Beidh cinnithe deacra le déanamh thar réimse an Rialtais agus beimid ag iarraidh é sin a dhéanamh ar an mbealach is cothroime is féidir. Beidh éifeachtaí sonracha an phróisis sin i ndáil leis an soláthar a chuirfear ar fáil do mo Roinnse — soláthar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht san áireamh — le hathaint nuair a fhoilseofar an t-Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe ar ball.

Is féidir liom a chinntiú don Teachta, mar a cuireadh in iúl don Teach cheana, go leanfar de gach iarracht a dhéanamh chun a chinntiú go dtabharfar cosaint feadh ár gcumais do na seirbhísí túslíne a chuirtear ar fáil ó mo Roinnse, nó a fhaigheann tacaíocht uaithi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.