Written answers

Wednesday, 4 March 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Acht na dTeangacha Oifigiúla

9:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 50: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil dul chun cinn i bhfad níos fearr déanta i leith líon na scéimeanna teanga atá daingnithe aige agus foilsithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8920/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I dtús báire ba mhaith liom a chur i gcuimhne don Teachta go bhfuil gach foráil d'Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm ó mí Iúil 2006. Maidir le scéimeanna teanga tá 89 scéim a chlúdaíonn 161 comhlacht poiblí ar fad daingnithe agam agus foilsithe ó tháinig an t-Acht i bhfeidhm i 2003. Anuas ar sin, tá 33 céad scéim teanga eile, a chlúdaíonn 59 comhlacht poiblí, á n-ullmhú. Chomh maith leis sin, tá fógra eisithe agam chuig 31 comhlacht faoi alt 15 den Acht ag ceangal orthu athbhreithniú a dhéanamh ar a gcéad scéim teanga agus dara scéim teanga a hullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú. Fágann sé seo go bhfuil 64 dréacht scéim á n-ullmhú nó á mheasúnú ag mo Roinn i láthair na huaire. Tá na scéimeanna uilig atá aontaithe go dáta chomh maith le liosta de na scéimeanna atá á n-ullmhú ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéir Teanga, www.coimisineir.ie.

Mar is eol don Teachta tá tréimhse sé mhí ag Comhlacht poiblí le dréacht scéim teanga a ullmhú agus a chur faoi mo bhráid le daingniú. Tuigfidh an Teachta gur doiciméid chuimsitheach reachtúla iad scéimeanna teanga agus go minic go dtarlaíonn go leor plé agus idirbheartaíocht idir oifigigh mo Roinn-se agus na comhlachtaí poiblí ón am a chuirtear dréacht scéimeanna ar fáil go dtí go n-aontaítear iad. Ní miste dom a lua freisin gur chuir mé próiseas comhairliúcháin ar bun, ag tús na bliana 2008, maidir leis na tosaíochtaí ar cheart a bheith ann don dara babhta scéimeanna teanga. Ag éirí as an bpróiseas sin, tá roinnt tosaíochtaí aitheanta ag mo Roinn don dara babhta scéimeanna a bheidh le tógáil san áireamh ag gach comhlacht poiblí agus a ndréacht scéimeanna á n-ullmhú acu.

Ní miste dom a lua chomh maith go raibh tosaíochtaí eile agam ó thaobh cur i bhfeidhm an Achta le blianta beaga anuas. Mar shampla ar an 1 Deireadh Fómhair 2008, tar éis próiseas cuimsitheach comhairliúcháin, a cuireadh tús leis i 2006, agus tar éis gur phlé mé an t-ábhar leis an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíona, Spóirt, Tuarasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ceithre uair, rinne mé Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008. Táim cinnte go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na Rialacháin seo a chinnteoidh go mbeidh an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí sa saol poiblí feasta. Sa bhreis ar sin, i 2006 rinne mé Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2006. Ba í an fheidhm a bhí ag na Rialacháin sin ná an Chéad Sceideal den Acht a choinneáil cothrom le dáta trí na tagairtí do chomhlachtaí poiblí nach ann dóibh a thuilleadh a bhaint amach agus trí chomhlachtaí nua a thabhairt faoi bhráid an Achta. Tá i gceist agam tuilleadh Rialacháin a dhéanamh chun an chéad Sceideal den Acht a choinneáil cothrom le dáta i mbliana agus chuige sin i rith 2008 thug mo Roinn faoi obair ullmhúcháin ar dhréacht de na Rialacháin sin.

Gach rud san áireamh mar sin, tá mé thar a bheith sásta leis an ndul chun cinn atá déanta go dáta maidir le cur i bhfeidhm an Acht Teanga i gcoitinne agus maidir le haontú scéimeanna teanga go sonrach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.