Written answers
Tuesday, 3 March 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Caillteanais Phost
10:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 295: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an líon post a cailleadh i ngach ceann de dhá thionscal (sonraí tugtha); agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun malairt fostaíochta a chur ar fáil sa cheantar faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8489/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gurb é ochtar an líon fostaíochta is mó a bhí ag an gcéad chomhlacht atá luaite ag an Teachta agus go bhfuil beirt fostaithe ag an gcomhlacht sin faoi láthair.
Tuigim ón Údarás chomh maith gurb é seisear an líon fostaíochta is mó a bhí ag an dara comhlacht atá luaite agus go bhfuil beirt fostaithe ag an gcomhlacht sin faoi láthair.
Mar is eol don Teachta, bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an Údarás chun deiseanna fostaíochta a chaomhnú agus a chruthú i ngach ceantar Gaeltachta, an ceantar atá luaite sa Cheist seo ina measc. Tá curtha in iúl ag an Údarás go bhfuil plé agus idirbheartaíocht ar siúl le roinnt comhlachtaí atá bunaithe sa cheantar sin ar mhaithe le tuilleadh deiseanna fostaíochta a chruthú.
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 296: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é mar a sheasann an cás maidir le tionscal (sonraí tugtha); an líon daoine atá fostaithe ag an gcomhlacht faoi láthair; an bhfuil siad ag dul ar ais ar sheachtain oibre iomlán gan mhoill; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8550/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur scaoileadh leis an 62 fostaí a bhí sa chomhlacht atá luaite ag an Teachta le gairid agus go mbeidh glacadóir á cheapadh don chomhlacht gan mhoill. Ar ndóigh, tig leis an Teachta glacadh leis go leanfaidh an tÚdarás dá gcuid iarrachtaí chun deiseanna fostaíochta a chaomhnú agus a chruthú i ngach ceantar Gaeltachta, an ceantar atá luaite sa Cheist seo ina measc.
No comments