Written answers

Thursday, 26 February 2009

Department of Education and Science

Scéimeanna Tógála Scoile

5:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 55: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil a fhios aige go bhfuil 60% de na Gaelscoileanna atá bunaithe le 25 bliana fós ag fanacht le foirgneamh buan cé go bhfuil aitheantas buan ón Roinn Oideachais ag an gcuid is mó acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7856/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cuireann mo Roinn i bhfeidhm critéir foilsithe tosaíochta do leithdháileadh maoinithe caipitil chun freastal ar na héilimh iomadúla éagsúla ar a buiséad caipitil. Cuirtear ar aghaidh tionscadail caipitil do na scoileanna uile, Gaelscoileanna san áireamh, de réir na gcritéar tosaíochta seo. Tá infheistíocht shuntasach déanta i bhfoirgnimh nua agus agus i dtionscadail sínte ar scála mór do Ghaelscoileanna sna blianta deireanacha seo. Mar shampla, i 2008, cuireadh ar fáil 7 bhfoirgneamh nua scoile don earnáil sin. Cuireadh ar fáil chomh maith 2 thionscadal sínte ar scála mór. Tá tionscadal eile d'fhoirgneamh nua ar an suíomh faoi láthair agus táthar ag súil go mbeidh an foirgneamh réidh le háitiú ann i Meán Fómhair, 2009.

Ar 12 Feabhra, d'fhógair mé sonraí faoi 43 thionscadail mhóra a bheidh ag dul ar aghaidh chun tairisceana agus tógála i 2009. Is maith liom a chur in iúl don Teachta go n-áiríonn sé seo 4 thionscadal eile a chuirfidh foirgnimh nua ar fáil do Ghaelscoileanna. Ní héascaí an tasc é na háiseanna i ngach ceann dár 3,200 bunscoil agus 750 iarbhunscoil a athnuachan, de bharr na hoidhreachta atá againn de bhlianta gan leordhóthain infheistíochta sa réimse seo agus, ina theannta sin, na riachtanais nua atá ag teacht chun cinn i gceantair mearfháis daonra.

Faoin bPlean Forbartha Náisiúnta deiridh 2000 go 2006, d'infheistigh mo Roinnse iomlán de €2.6 bhilliún in infrastruchtúr scoile. Táthar chun €4.5 bhilliún a infheistiú faoin bPlean reatha 2007-2013. Cuirfidh an maoiniú ilbhliantúil seo ar chumas mo Roinne leanúint uirthi ag feidhmiú go réamhghníomhach agus í ag cur cóiríocht scoile nua-aimseartha ar fáil do na hearnálacha go léir, Gaelscoileanna ina measc.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.