Written answers
Wednesday, 25 February 2009
Department of Education and Science
Comhairle Múinteoireachta
11:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 234: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén socrú atá ann maidir le ball amháin ar a laghad a bhfuil saineolas aige/aici ar riachtanais na Gaelscolaíochta a cheapadh ar an gComhairle Múinteoireachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7893/09]
Batt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, déanaim an 37 ball den Chomhairle Múinteoireachta a cheapadh i láthair na gcritéar a leagadh síos in Alt 8 d'Acht na Comhairle Múinteoireachta. I láthair Ailt 8 den Acht sin, ní mór a bheith sa Chomhairle
11 oide cláraithe atá fostaithe i mbunscoileanna aitheanta nó a bhfuil cáilithe chun teagasc iontu
11 oide cláraithe atá fostaithe in iarbhunscoileanna aitheanta nó a bhfuil cáilithe chun teagasc iontu
2 dhuine ainmnithe ag na Coláistí Oideachais um Bhunteagasc
2 dhuine ainmnithe ag na hinstitiúidí 3ú leibhéal atá liostaithe faoi Alt 8(2)(c) den Acht
4 duine ainmnithe ag eagraíochtaí bainistíochta aitheanta scoile. Dhá eagraíocht aitheanta san aicme sin is ea Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo and Gaelscoileanna Teo.
2 dhuine ainmnithe ag cumainn náisiúnta tuismitheoiri.
Tá cúigear ball eile sa bhreis a bhfuil taithí acu sa ghnó, sa tionscal nó sna gairmeacha a dhéanaim a cheapadh go díreach. Mar atá leagtha amach in Alt 8 den Acht, caithfidh ceann amháin de na ceapaithe díreacha sin a bheith ainmnithe ag ICTU agus ceann eile a bheith ainmnithe ag IBEC.
No comments