Written answers

Tuesday, 17 February 2009

Department of Education and Science

Clár Tógála Scoileanna

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 506: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nach bhfuil foirgneamh cuí ag Gaelscoil na Camóige, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, ar thug tú cuairt uirthi le déanaí, agus iad tar éis a bheith ag feitheamh le níos mó ná 15 bliana air. [5889/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol, gan dabht, don Teachta, tá sé ar intinn ag mo Roinnse foirgneamh nua a chur ar fáil don scoil atá i gceist. I dtaca leis seo, táthar tar éis teacht ar chomhaontú go soláthrófar an foirgneamh nua ar shuíomh a bhaineann leis an CGO.

Mar is eol chomh maith don Teachta, gan dabht, d'fhógair mé sonraí an tseachtain seo caite faoi 43 thionscadail mhóra caipitil a bheidh ag dul ar aghaidh chun tairisceana agus tógála agus 25 tionscadail ardtosaíochta a bheidh ag dul ar aghaidh chun pleanála ailtireachta.

Ní raibh an tionscadal dá dtagraíonn an Teachta san áireamh sa bhfógra seo faoi thosú na pleanála ailtireachta. Dá bhrí sin, ní dócha go rachfar ar aghaidh leis i 2009.

Machnófar dul chun cinn gach uile tionscadal tógála ar scála mór, an tionscadal atá i gceist anseo san áireamh, ón gcéim dearaidh tosaigh go dtí céim na tógála, i gcomhthéacs Chlár Ilbhliantúil Tógála agus Athnuachana Scoile mo Roinne. I bhfianaise na n-éileamh iomaíocha atá á ndéanamh ar bhuiséad caipitil na Roinne faoi láthair, áfach, ní féidir fráma ama táscach a lua do chur ar aghaidh an tionscadail ag an am seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.