Written answers

Thursday, 29 January 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

An Teanga Ghaeilge

4:00 pm

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 29: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá glactha aige; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2570/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá 89 céad scéim teanga, a chlúdaíonn 161 comhlacht poiblí ar fad, daingnithe agam agus foilsithe go dáta. Sa bhreis ar sin, tá 27 scéim teanga nua eile, a chlúdaíonn 53 comhlacht poiblí, á n-ullmhú. Chomh maith leis sin, i gcomhréir le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá fógra seolta agam, faoi alt 15 den Acht, chuig 31 comhlacht poiblí a bhfuil tréimhsí a gcéad scéimeanna tagtha nó ag teacht chun deiridh ag iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid scéimeanna agus dréacht-scéim nua (an dara scéim teanga) a ullmhú agus a thíolacadh chugamsa le daingniú laistigh de sé mhí. Fágann sé seo uile go bhfuil beagnach 60 dréacht-scéim teanga san iomlán á ullmhú faoi láthair. Mar atá luaite agam cheana, tá sonraí maidir leis na comhlachtaí poiblí a bhfuil scéimeanna aontaithe leo nó a bhfuil dréacht-scéimeanna á n-ullmhú acu ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.