Written answers

Thursday, 29 January 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

An Teanga Ghaeilge

4:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 12: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a fhoilseofar an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2566/09]

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 13: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a fhoilseofar an reachtaíocht nua chun teorainneacha na Gaeltachta a athrú agus chun sainmhíniú nua a dhéanamh ar an rud is Gaeltacht ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2604/09]

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 24: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a fhoilseofar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2565/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaigh mé Ceisteanna 12, 13 agus 24 le chéile.

Faoi mar is eol do na Teachtaí, tá Coiste Rialtais bunaithe chun scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna a thagann chun cinn — ceist teorainneacha na Gaeltachta san áireamh — i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí atá sa Tuarascáil a d'eascair ón Staidéar Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá an Coiste ag díriú ar phlean gníomhaíochta comhtháite a ullmhú d'fhonn todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú.

Ag an am céanna, tá obair idir lámha maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a ullmhú, a bheidh bunaithe ar Ráiteas Polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. I rith na bliana seo caite, tá mo Roinnse, i gcomhar le Fiontar DCU, na comhairleoirí neamhspleácha atá ag cuidiú chun an Straitéis a chur le chéile, tar éis tabhairt faoi phróiseas leathan de chomhairliúchán phoiblí, ar a n-áirítear cruinnithe poiblí agus suirbhé ar-líne maidir leis na heilimintí éagsúla a bheidh sa Straitéis. Bunaithe ar na moltaí agus an taiseolas a tháinig ón bpobal i rith an phróisis sin, foilsíodh plé-pháipéar maidir leis na gnéithe éagsúla a mheastar a bheidh sa Straitéis. Tugadh faoi shraith eile de chruinnithe poiblí chun deis a thabhairt do dhaoine a dtuairimí a thabhairt faoin doiciméad sin.

Chomh maith leis an gcomhairliúchan phoiblí, chuaigh Fiontar DCU i gcomhairle leis na príomh-gheallsealbhóirí san earnáil phoiblí agus san earnáil dheonach faoina gcuid moltaí i leith na Straitéise agus thugadar le chéile i gcoiste comhairleach saineolaithe idirnáisiúnta a bhfuil taithí acu i mbeartais teangacha. Tá dréacht-Straitéis 20 Bliain faighte agam anois agus á breithniú. Bheadh súil agam mo chuid moltaí maidir leis an Straitéis a chur faoi bhráid an Rialtais go luath. Mar a thuigfidh Teachtaí, ar ndóigh, is dhá phróiseas comhthreomhara atá i gceist ó thaobh na Gaeltachta agus ó thaobh na Straitéise de, agus beidh sé riachtanach iad a thabhairt chun cinn ar bhealach comhtháite.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.