Written answers

Tuesday, 27 January 2009

Department of Education and Science

Clárú Gaelcholáiste

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 1500: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é an rogha atá ag tuismitheoirí atá ag iarraidh a gcuid páistí a chur chuig gaelcholáiste i ndeisceart Bhaile Átha Cliath má tá siad ag freastal ar scoil nach soláthraí í, mar shampla Scoil Mológa agus Coláiste Eoin, má tá an gaelcholáiste lán go doras agus an uile ghaelcholáiste eile sa chathair lán chomh maith. [1243/09]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 1501: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nach bhfuil sé sásta cinneadh a dhéanamh faoi Ghaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath, in ainneoin gur léir go bhfuil gá le coláiste Gaeilge nua sa chathair chun déileáil leis an bhfás faoin éileamh ar a leithéid de thairbhe líon na ndaltaí atá ag críochnú a mbunscolaíochta sna gaelscoileanna i ndeisceart na cathrach go háirithe. [1244/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaigh mé Ceisteanna 1500 agus 1501 le chéile.

Tá Rannóg Pleanála Chun Cinn mo Roinne i mbun na ceantair a shainaithint ina mbeidh gá le cóiríocht shuntasach bhreise ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal do 2009 i leith.

I measc na bhfachtóirí atá á machnamh tá fás sa dhaonra, treochtaí déimeagrafacha, rolluithe reatha agus rolluithe réamh-mheasta, forbairtí tithíochta a tharla le déanaí nó atá pleanáilte le teacht go gairid, agus cumas na scoileanna atá ann faoi láthair freastal ar an éileamh ar ionaid. Ar na fachtóirí seo a bheith machnaithe déanfar cinntí ar na modhanna trína bhfreastalófar ar na riachtanais atá ag teacht chun cinn i gceantar.

Machnófar ina leith seo na riachtanais cóiríochta iarbhunscoile i nDeisceart Átha Cliath, agus ceisteanna ar bith a d'fhéadfadh éirí as sin, ar nós ceist an ghá le Gaelcholáiste nua.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 1502: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén uair atá seisean nó an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun straitéis a chur i bhfeidhm lena n-aithneofar an fás faoin éileamh ar scolaíocht trí Ghaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath agus mórthimpeall na tíre i gcoitinne, agus lena ndéanfar soláthar maidir leis an gcéanna, agus cad atá á dhéanamh ag an Roinn chun éileamh ar scolaíocht trí Ghaeilge a mhúscailt i gceantair eile nach bhfuil soláthar déanta go dtí seo iontu maidir le scolaíocht sa teanga náisiúnta. [1245/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol gan dabht don Teachta, bhunaigh mé le déanaí Meitheal Oibre Teicniúil faoin gCoimisiún um Chóiríocht Scoileanna chun tabhairt faoi athbhreithniú iomlán ar na critéir agus na nósanna imeachta i gcomhair aithint bunscoileanna nua, ina measc Gaelscoileanna. Tá an Meitheal Oibre seo tar éis tosú ar a chuid oibre agus táthar ag súil go mbeidh an t-athbhreithniú ar na nósanna imeachta i gcomhair aithint bunscoileanna curtha i gcrích, agus socruithe athbhreithnithe curtha ar bun, laistigh de scála ama dhá bhlian. Déanfar ionadaíocht do na Comhpháirtithe Oideachais go léir le linn an phróiseas athbhreithnithe seo, An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna san áireamh.

San idirlinn níl sé i gceist aitheantas a thabhairt do bhunscoileanna nua ar bith, ach amháin i gceantair nach féidir fónamh ar na méaduithe i líon na ndaltaí iontu insna scoileanna atá ann cheana, agus inar gá scoileanna nua a sholáthar. Ciallaíonn sé seo nach mbunófar scoileanna nua ar fháthanna nach mbaineann le fás deimeagrafach i gceantair ina bhfuil dóthain cóiríocht scoile cheana féin nó inar féidir fónamh ar mhéaduithe trí chur leis an gcóiríocht scoile atá ann faoi láthair. Tá sé de rogha, ar ndóigh, ag scoileanna atá ann faoi láthair iarratas a chur isteach faoi Chlár Tógála Caipitiúil ar scála mór mo Roinne chun fónamh ar riachtanais cóiríochta fadtéarmach agus ar an éileamh méadaitheach ar ionaid. Measúnaítear gach iarratas dá leithéid sin i gcomhthéacs na déimeagrafaice mar atá sí faoi láthair i gceantar agus mar a réamh-mheastar go mbeidh sí amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.