Written answers

Tuesday, 27 January 2009

Department of Education and Science

Coláistí Samhraidh

9:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 1375: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé chun an cinneadh faoi chealú na nDeontas Caipitiúil do na Coláistí Samhraidh a chur ar ceal agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [1450/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Aithním an ról tábhachtach atá ag na coláistí samhraidh Gaeltachta i saol na Gaeilge agus molaim obair na gcoláistí as ucht líofacht a chothú i measc na mac léinn a dhéanann freastal orthu. Is ábhar dóchais é go leanann líon suntasach mac léinn orthu ag freastal ar na coláistí seo sa Ghaeltacht. Aithním chomh maith go mbíonn tionchar nach beag ag na coláistí ar eacnamaíocht na gceantar Gaeltachta ina bhfuil siad lonnaithe. In ainneoin seo agus in ainneoin an mhéadaithe de €302 milliún atá sa bhuiséad oideachais do 2009, éacht nach beag agus an eacnamaíocht mar atá sé, ní raibh aon dul as ach roinnt cinntí crua, deacra a dhéanamh. Léiríodh na cinntí seo i measc na bhfógairtí Lá an Bhuiséid, agus ina measc bhí cealú an deontais a bhí á íoc ag mo Roinnse do na coláistí samhraidh Gaeilge. B'é ráta an chúnamh deontais seo a chuireadh ar fáil ná tuairim is €53 in aghaidh gach mac léinn a bhí rollaithe ar chúrsa trí seachtaine i 2008, méid ab ionann is cuid bheag go leor den chostas foriomlán a ghabh le freastal ar an gcúrsa. Leanfaidh tacaíocht an Stáit do mhic léinn a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh Gaeltachta i bhfoirm na bhfóirdheontas a íoctar le teaghlaigh a chuireann cóiríocht ar fáil do na mic léinn. Leanfar leis an maoiniú a dhéantar ar fhreastal ábhar oidí ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Leanfar freisin leis na socruithe maidir le saoire phearsanta bhreise a cheadú do mhúinteoirí bunscoile a mhúineann ar na coláistí samhraidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.