Written answers
Tuesday, 27 January 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
9:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 901: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an dualgas atá air faoi alt 17 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a thuairisciú don Dáil agus don Seanad nuair a mhainníonn nó nuair a dhiúltaíonn comhlacht poiblí dréacht-scéim a ullmhú, nó nuair nach mbíonn comhlacht poiblí ábalta téarmaí scéime ná leasuithe a chomhaontú leis an Aire, cén uair a chomhlíonfaidh sé an dualgas atá air faoi alt 17 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a thuairisciú don Dáil gur theip ar Choiste Gairmoideachais Chontae an Chláir, ar chomhlacht poiblí é a bhí le dréacht-scéim faoi alt 11 den Acht sin a ullmhú roimh an 30 Iúil 2006, dréacht-scéim a ullmhú nó gur theip air téarmaí na scéime, nó leasuithe, a chomhaontú leis. [1285/09]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 902: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an dualgas atá air, faoi alt 17 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a thuairisciú don Dáil agus don Seanad nuair a mhainníonn nó nuair a dhiúltaíonn comhlacht poiblí dréacht-scéim faoi alt 11 den Acht céanna a ullmhú, nó nuair nach mbíonn comhlacht poiblí ábalta téarmaí scéime ná leasuithe a chomhaontú leis an Aire, cén uair a chomhlíonfaidh sé an dualgas atá air faoi alt 17 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a thuairisciú don Dáil gur theip ar Údarás Áitiúil Thiobraid Árann Theas, ar chomhlacht poiblí é a bhí le dréacht-scéim faoi alt 11 den Acht sin a ullmhú roimh an 30 Iúil 2006, dréacht-scéim a ullmhú nó gur theip air téarmaí na scéime, nó leasuithe, a chomhaontú leis. [1286/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaigh mé Ceisteanna 901 agus 902 le chéile.
I dtús báire, ba mhaith liom a mhíniú don Teachta nár theip ar na comhlachtaí poiblí atá luaite aige a ndualgais reachtúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 maidir le hullmhú dréacht-scéim teanga a chomhlíonadh. Is amhlaidh go bhfuil dréacht-scéim teanga faighte agam ó na comhlachtaí poiblí sin agus go bhfuil an dá dhréacht-scéim á bplé faoi láthair ag oifigigh mo Roinne leis an dá chomhlacht atá i gceist. Táim dóchasach go mbeidh mé in ann an dá scéim a dhaingniú go luath.
No comments