Written answers

Wednesday, 17 December 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Clár Forbartha Áitiúla

8:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 385: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas déanta ag Eagraíocht (sonraí tugtha) ar airgeadú dá n-imeachtaí agus an gcuirfidh sé na hacmhainní riachtanacha ar fáil sa dóigh gur féidir leo leanúint lena gcuid oibre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46535/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Comhairlítear dom nach bhfuil aon iarratas foirmeálta faighte ag mo Roinnse ón eagraíocht atá sonraithe ag an dTeachta. Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil faoin gClár Forbartha Áitiúla do chuimsitheacht shóisialta chun díriú ar mhíbhuntáiste a shárú agus comhionannas agus cuimsitheacht shóisialta agus eacnamaíochta a chur chun cinn. Úsáidtear an maoiniú seo chun réimse leathan tograí a fhorbairt chun dul i ngleic le riachtanais áitiúla. Tuigtear dom gur cuireadh maoiniú de thart ar €500 in aghaidh na bliana ar fáil don eagraíocht atá sonraithe ag an dTeachta i gcomhair tionscnaimh traenála agus acmhainn an phobail a fhorbairt. Tuigtear dom freisin ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil ceist mhaoiniú na heagraíochta atá luaite pléite le tamall anuas agus go bhfuil curtha in iúl don eagraíocht nach mbeidh an túdarás ag déanamh maoinithe ar a cuid imeachtaí i 2009.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.