Written answers

Thursday, 4 December 2008

Department of Education and Science

Halla Spóirt

4:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 22: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nach bhfuil halla spóirt ag scoil (sonraí tugtha) go fóill agus nach bhfuil sé tar éis a bheith tógtha le breis mhór agus fiche bliain agus an gceadóidh sé deontas sa dóigh gur féidir tús a chur leis chomh luath agus is féidir. [44285/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an tionscadal dá dtagraíonn an Teachta ag ardchéim pleanála ailtireachta faoi láthair.

Machnófar ar dhul chun cinn gach uile tionscadal tógála ar scála mór, an tionscadal seo ina measc, ón túschéim dearaidh go dtí go mbíonn an tógáil déanta, i gcomhthéacs Chlár Tógala agus Athnuachain Scoile Ilbhliantúil mo Roinnse. I bhfianaise na n-éileamh iomaíocha ar bhuiséad caipitil mo Roinne, áfach, ní féidir creatlach ama táscach a chur in iúl do dhul chun cinn an tionscadail ag an am seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.