Written answers

Tuesday, 2 December 2008

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Seirbhísí Poist

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 115: To ask the Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha cén fáth go bhfuil an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ag beartú ar chóras cód poist ina bhfuil meascán litreacha agus uimhreacha bunaithe ar an gcóras Sasanach agus ar leaganacha Béarla de logainmneacha na tíre a chur i bhfeidhm in Éirinn, de réir tuairiscí i nuachtáin an Domhnaigh le tamall anuas, nuair is tír dhátheangach í Éire agus nuair is cóid poist ina bhfuil uimhreacha amháin a bhíonn in úsáid i dtíortha dátheangacha eile, áit go mbíonn cead ag duine an seoladh a scríobh ina rogha teanga ó bhíonn an t-eolas ar fad a theastaíonn chun an post a sheachadadh sna huimhreacha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43402/08]

Photo of Eamon RyanEamon Ryan (Dublin South, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Mhol an Bord um Thionscnamh na bPostchód Náisiúnta i 2006 go dtabharfaí isteach cineál postchód bunaithe ar litreacha agus uimhreacha le haghaidh earnáil na bpost ach ní bunaithe ar an gcóras Sasanach. Measadh go mbeadh sé ar an tslí dob oiriúnaí mar nach gcuireann sé iallach ar bhaill den phobal malairt a chur ar leagan amach na seoltaí atá acu agus mhol an Bhord na postchóid a bheith mar line breise den seoladh. Níl i gceist toirmeasc a chur ar éinne a sheoladh a úsaid i gceachtar de theangacha oifigiúla an Stáit. Sonraím chomh maith nach bhfuil córas postchód bunaithe go fóill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.