Written answers

Tuesday, 25 November 2008

Department of Enterprise, Trade and Employment

Polasaí Fiontair

10:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 153: To ask the Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta cad iad na forbairtí ó thaobh polasaithe iomaíochta agus nuálaíochta de a bhfuil an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ag tabhairt fúthu chun an Ghaeilge, agus nithe sainiúla cultúrtha nach iad atá in Éirinn, a chur chun cinn agus a fhorbairt mar dhíol spéise sainiúil na hÉireann (nó Ireland's unique selling point) chun fiontraíochta agus gnó a mhealladh chun na hÉireann i bhfianaise thuairim an Ollaimh Fionnbarra Ó Brolcháin go mbraitheann Buntáiste Iomaíoch Inbhuanaithe, BII, na hÉireann ar an bpobal a bheith difriúil agus uathúil agus go bhfuil ár dteanga dhúchais ina dlúthchuid den bhuntáiste sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [42324/08]

Photo of Mary CoughlanMary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sí mar aidhm ag Straitéis Fiontair an Rialtais forbairt gheilleagair eolas-bhunaithe a chur chun cinn ionas gur féidir leis an tír dul in iomaíocht go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon d'infheistíocht dhíreach iasachta agus d'fhorbairt comhlachtaí áitiúla. Tá sé mar chroílár na straitéise seo infheistiú inár ndaoine agus a chinntiú go bhfuil na scileanna acu atá riachtanach chun maireachtáil agus obair sa gheilleagar eolas-bhunaithe domhanda.

Tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfeighil ar dhul chun cinn éifeachtach na Gaeilge agus trí Údarás na Gaeltachta, forbairt fiontair laistigh de limistéir na Gaeltachta. Faoi réir ranna eile an Rialtais, tacaím leis na hiarrachtaí sin agus aithním gur féidir le sainiúlacht chultúrtha, i roinnt cásanna, ról a bheith aici chun infheistíocht a mhealladh mar aon le fiontar a chruthú.

Tá tacaíochtaí fiontair i limistéir na Gaeltachta á soláthar ag Údarás na Gaeltachta a thagann faoi choimirce mo chomhghleacaithe, an tAire Ó Cuív, Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Seasann oibríochtaí gheilleagair de chuid an Údaráis do bhrainse na Straitéise Fiontair iomláine, agus mar sin tá siad á dtreorú ag a gcuid prionsabal. Ar bhonn straitéiseach náisiúnta déanann Fiontraíocht Éireann comhordú le hÚdarás na Gaeltachta trí mheán cruinnithe pleanála idirghníomhaireachta rialta agus trí Údarás na Gaeltachta a chur san áireamh ar roinnt coistí, mar shampla an Coiste Taighde & Forbartha a dhéanann Deontais R&D a fhaomhadh. Is féidir le comhlachtaí lonnaithe sa Ghaeltacht atá dírithe ar phoist mharthanacha a fhorbairt i margaí iasachta leas a bhaint as na seirbhísí á dtairiscint ag líonra oifige iasachta de chuid Fiontraíochta Éireann agus páirt a ghlacadh in imeachtaí ghrúpa spreagtha atá eagraithe ag Fiontar Éireann.

Tá sé de dhíth ar Éire mar gheilleagar oscailte beag a bheith in ann freagairt go tapa d'athruithe i dtimpeallacht eacnamaíochta agus teicneolaíochta níos domhandaithe. Tá sé tábhachtach go dtógaimid foinsí nua de bhuntáiste iomaíoch bunaithe ar ár gcuid eolais agus saineolais. Is é ceann de phríomh-thascanna mo Roinne, ná a chinntiú go bhfanann Éire mar áit mhealltach chun gnó a dhéanamh inti, agus chun tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt inniúlachtaí eacnamaíochta níos airde suas an slabhra luacha. Chuige seo, leanaimid ar aghaidh ag obair chun ár gcoinníollacha iomaíocha creatlaí a choinneáil agus a leasú, agus chun réimsí nua de bhuntáiste iomaíoch a chur ar aghaidh trí ár mbonn R&D a fhorbairt, trí infheistiú i mbonneagair fhisiciúla agus cumarsáide criticiúla, agus oideachas treasach agus foghlaim fadsaoil a chur chun cinn, de réir an Phlean Forbartha Náisiúnta agus Cláir an Rialtais.

Tá iomaíocht, d'infheistíocht agus do tháirgí agus seirbhísí sa timpeallacht eacnamaíochta domhanda ina fheidhmíonn gnó Éireannach, níos géire ná riamh. Le linn na haeráide eacnamaíochta neamhchinnte reatha, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go nglacaimid le pé bearta atá oiriúnach chun a chinntiú go bhfanaimid iomaíoch agus mealltach mar shuíomh chun gnó a dhéanamh ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.