Written answers

Tuesday, 18 November 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Polasaí don Ghaeilge

9:00 pm

Photo of Tom SheahanTom Sheahan (Kerry South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 120: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé go ndíríonn feachtas GLAC LEIS Chonradh na Gaeilge — le daoine óga go háirithe a spreagadh agus a chumasú chun leas a bhaint as na seirbhísí Gaeilge atá á dtairiscint ag an earnáil phoiblí buíochas le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 — ar dhreamanna daoine óga nach mbaineann an scéim Gaeilge Labhartha in Earnáil an Oideachais (GLEO) atá á reáchtáil ag Foras na Gaeilge leo, ó thugann GLEO aitheantas do na cleachtais is fearr maidir le cur chun cinn na Gaeilge labhartha i mbunscoileanna agus meánscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla in Éirinn, fad agus a dhíríonn feachtas GLAC LEIS an Chonartha ar dhaoine óga ag a bhfuil cumas maith labhartha Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta, sna Gaelscoileanna, sna Gaelcholáistí, sna coláistí samhraidh agus in áiteanna eile nach iad, a spreagadh agus a chumasú leis an nGaeilge a úsáid leis na comhlachtaí poiblí i gcónaí agus dá réir sin, gur fiú maoiniú ar leith a thabhairt d'fheachtas GLAC LEIS; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh [40882/08]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 384: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nach fíor go bhfuil sé mar ról ag Oifig an Choimisinéara Teanga eolas a thabhairt don phobal agus comhairle a chur ar an bpobal maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus maidir leis na seirbhísí agus na cearta atá ag an bpobal ó thaobh na Gaeilge de go ginearálta, ach ós rud é nach bhfuil sé mar ról ag an gCoimisinéir éinne a spreagadh nó a chumasú leis na seirbhísí sin a éileamh, tá tábhacht nach beag lena leithéid d'fheachtas agus Glac Leis an Chonartha chun daoine a chumasú agus a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid leis na comhlachtaí poiblí i gcónaí; an aontaíonn sé gur fiú go mór maoiniú a chur ar fáil do thionscnaimh bhreise chun tabhairt faoina leithéid d'fheachtas d'fhonn tuilleadh feasachta agus úsáide a bhaint amach i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus go sonrach d'fhonn pobal na teanga a chumasú agus a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid san earnáil phoiblí, agus chun cabhrú leis na heagraíochtaí Gaeilge atá ag déanamh tréaniarrachta é seo a chur i gcrích cheana féin cheal acmhainní daonna agus airgid; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40884/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 120 agus 384 le chéile.

Is mian liom aird na dTeachtaí a dhíriú ar mo fhreagra ar Cheist Uimh 173 den 9 Deireadh Fómhair 2008. Go hachomhair, bhain trí phríomh-ghné leis an bhfreagra sin agus ní miste dom athrá a dhéanamh orthu.

Ar an gcéad dul síos, tacaím go mór le daoine a spreagadh chun leas a bhaint as na seirbhísí Gaeilge atá á gcur ar fáil anois de thoradh Acht na dTeangacha Oifgiúla. Sa dara háit, aithním freisin go bhfuil an obair sin mar ghnó lárnach do na heagraíochtaí agus do na greasáin Gaeilge. Sa tríú háit, táim go láidir den tuairim gur chóir tosaíocht a thabhairt don chúram seo taobh istigh de na hacmhainní atá ag an earnáil Ghaeilge cheana féin.

Dá réir sin, ag cur san áireamh go bhfuil breis agus 200 craobh ag Conradh na Gaeilge agus go bhfuil coistí ag Glór na nGael, Gaelscoileanna, Cumann na bhFiann, Comhluadar agus na Scéimeanna Pobail atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, feictear domsa go bhfuil bunús láidir ag an earnáil Ghaeilge chun tabhairt faoina leithéid d'fheachtas d'fhonn tuilleadh feasachta agus úsáide a bhaint amach.

Is fiú aird a tharraingt ar ról Oifig an Choimisinéara Teanga sa ghnó seo chomh maith ó thaobh eolais agus comhairle a chur ar an bpobal maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus maidir lena gcearta i ndáil le seirbhísí a fháil trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.