Written answers

Tuesday, 18 November 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

9:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 111: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, cad iad na cainteanna a bhí aige le hÚdarás na Gaeltachta faoi ghníomhachtaí Thaighde Mara Teoranta a chur ar ceal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40908/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is comhlacht neamhthrádála é Taighde Mara Teoranta atá faoi lánúinéireacht Údarás na Gaeltachta. Bunaíodh é i 1983 chun feirmeoireacht sliogéisc a fhorbairt sa Ghaeltacht ach, le himeacht ama, leathnaíodh amach ról an chomhlachta chun tabhairt faoi thaighde ar dheiseanna gnó in earnáil na mara i gcoitinne agus chun tacaíocht theicneolaíochta agus chomhairleach a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta.

Ag tús na bliana 2004, cheadaigh an Rialtas clár maoinithe cúig bliana do Thaighde Mara Teoranta a raibh feidhm leis do na blianta 2004-2008. Tá deireadh ag teacht leis an tréimhse cúig bliana sin anois agus is é tuairim mheáite an Údaráis — i gcomhthéacs forbairtí éagsúla atá tarlaithe san earnáil taighde seo, le roinnt blianta anuas (ar a n-áirítear an obair atá ar siúl ag Foras na Mara agus Institiúid Martin Ryan) — gurb é an rogha is fearr a oireann dá straitéis ná, deireadh a chur leis an gcomhlacht agus cur le scileanna foirne an Údaráis féin chun deiseanna forbartha san earnáil seo a threisiú.

Ba sa chomhthéacs sin a fuarthas cead an Rialtais níos túisce i mbliana chun Taighde Mara Teoranta a leachtú agus pacáiste iomarcaíochta a íoc lena fhoireann.

Tuigtear dom go bhfuil na socruithe cuí chuige sin á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.